Written answers
Thursday, 1 July 2021
Department of Education and Skills
Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
42. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a chomhlíonfaidh sí an gealltanas a tugadh do scoileanna Uíbh Ráthach go mbronnfar stádas eisceachtúil orthu mar chosaint in aghaidh a ndúnta agus deis a thabhairt don cheantar Gaeltachta seo chun fáis agus teaghlaigh a bhfuil páistí óga acu a mhealladh chuig an gceantar. [35285/21]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Le blianta beaga anuas, tá gníomhartha curtha i bhfeidhm ag mo Roinn chun na tairseacha ceapacháin agus coinneála i scoileanna beaga a fheabhsú, scoileanna beaga ar nós Scoil an Ghleanna, Scoil Náisiúnta Cillín Liathagus Scoil Mhichíl Naofa san áireamh.
I measc na ngníomhartha, áirítear tairseacha rollaithe níos buntáistí do bhunscoileanna le múinteoir amháin agus scoileanna ar na hoileáin, laghdú aon phointe den chóimheas idir daltaí agus múinteoirí i mbunscoileanna beaga le ceathrar múinteoirí nó níos lú ón scoilbhliain 2020/21.
Cuireann Buiséad 2021 leis an dul chun cinn seo trí laghdú aon phointe breise a chur i bhfeidhm maidir le múinteoir a cheapadh sa scoilbhliain 2021/22 agus laghdú trí phointe ar an sceideal coinneála.
Cuideoidh na bearta seo lena chinntiú go mbeidh níos lú daltaí ag teastáil chun múinteoir a earcú nó a choinneáil. Tá an sceideal foirne don scoilbhliain 2021/22 ar fáil in Imlitir 0019/2021. San Imlitir seo cuirfear eolas ar fáil do bhunscoileanna faoin soláthar foirne a bheidh acu don Mheán Fómhair seo chugainn agus cuirfear tús leis an bpróiseas ath-imlonnaithe chun folúntais teagaisc a líonadh.
Ina theannta sin, tá na scoileanna a ndearna an Teachta tagairt dóibh curtha san áireamh i gclár píolótach scoileanna beaga a d’fhógair mo Roinn le déanaí.
No comments