Written answers

Thursday, 1 July 2021

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

20. To ask the Minister for Education and Skills céard é an próiséas ar faoi a dhéanfar cinneadh maidir leis an moladh atá ann dhá shonraíocht éagsúla T1 agus T2 a bheith ann do shiollabas Ghaeilge na hArdteistiméireachta; cén uair a dhéanfar an cinneadh sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34176/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus comhthéacs bheartas na Gaeilge á chur san áireamh, dhréachtaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) sonraíochtaí T1 (An Ghaeilge mar chéad teanga) agus sonraíochtaí T2 (An Ghaeilge mar an dara teanga) le haghaidh Gaeilge na hArdteistiméireachta, mar thoradh ar shaincheisteanna a tháinig chun cinn i dtuarascálacha taighde éagsúla a bhaineann le siollabais reatha na hArdteistiméireachta, agus d’fhonn tacú le le dul chun cinn foghlama ón mbunoideachas go dtí an tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach, agus chun foráil a dhéanamh ina leith. Tá sé de chumas ag sonraíochtaí T1 agus T2 cabhrú le haidhm shonraithe an Rialtais a bhaint amach mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

I mí Feabhra 2021, foilsíodh na dréachtsonraíochtaí sin le haghaidh comhairliúcháin. Bunaithe ar an aiseolas ó na geallsealbhóirí agus ar iarratais go dtí seo, agus ag cuimhneamh ar na cúinsí dúshlánacha atá os comhair earnáil an oideachais mar gheall ar COVID-19, tá Comhairle CNCM ag cur síneadh ama leis an tréimhse reatha comhairliúcháin go dtí deireadh mhí na Samhna 2021. Tá síneadh ama go dtí an 30 Samhain curtha freisin leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtai agus suirbhéanna ar líne, agus leanfar ar aghaidh leis na cruinnithe déthaobhacha agus le fócasghrúpaí comhairliúcháin le geallsealbhóirí.

Nuair a dhúnfar an próiseas comhairliúcháin seo, déanfaidh an CNCM diananailís ar an aiseolas uile, foilseofar a tuarascáil eatramhach ar an gcomhairliúchán, agus déanfar coigeartuithe ar na dréachtsonraíochtaí de réir mar is cuí. Táthar ag súil le comhairliúchán breise a reáchtáil le linn an Fhómhair in 2022. Ina dhiadh sin, cuirfear sonraíochtaí athbhreithnithe faoi bhráid an Aire lena mbreithniú agus lena bhfaomhadh sula bhfoilseofar iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.