Written answers

Tuesday, 29 June 2021

Department of Health

Covid-19 Paindéim

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

524. To ask the Minister for Health an gcuirfear vaicsín malairteach seachas vaicsin (sonraí tugtha) ar fáil do dhaoine idir 60 agus 70 bliain d’aois mar tá stair slainte acu de fadhbanna croí agus téachtán fola; má chuirfear, an bealach is ceart do dhuine mar sin iarratas a dhéanamh ar mhalairt vaicsín; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27254/21]

Photo of Stephen DonnellyStephen Donnelly (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an clár imdhíonta in Éirinn bunaithe ar chomhairle NIAC. Tá moltaí NIAC bunaithe ar leitheadúlacht an ghalair ábhartha agus ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta is fear maidir le himdhíonadh. Déanann NIAC moltaí ar pholasaithe maidir le vacsaíniú chuig mo Roinn. Déanann NIAC athbhreithniú ar an bhfaisnéis go léir maidir le vacsaíní ar bhonn leanúnach.

Tugann NIAC comhairle maidir lena n-úsáid in Éirinn sa doiciméad Treoirlínte Imdhíontaí d’Éirinn.

Is féidir leat na treoirlínte a léamh ag: www.hse.ie/eng/health/immunisation/hcpinfo/guidelines/covid19.pdf.

Cé gur féidir le duine diúltú d’ofráil vacsaíne de bharr a gcuid creidimh reiligiúnach, coinsiasacha nó ar chúiseanna eile, beidh soláthar ceann amháin nó ceann eile de na vacsaíní údaraithe seo le linn an chláir imdhíonta bunaithe ar threoir na saineolaithe cliniciúla, chomh maith le treoir an NIAC, ar mhaithe le maoirseacht optamach na nacmhainní cúraimí agus rochtain cothromasach ar vacsaíní sábháilteachta agus éifeachtúla do phobal áirithe a dheimhniú.

Moltar aon bhuairt a phlé leis an lia cóireála, mar is iadsan atá san áit is fear le comhairle chí a thabhairt duit. Is féidir tuilleadh a léamh faoi vacsaíní Covid-19 anseo: .

Tá an clárúcháin ar líne do vacsaíniú Covid-19 fós ar oscailt chun an deis a thabhairt dóibh siúd atá idir aois 35 agus 69 clárú don vacsaín ag am ar bith

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

525. To ask the Minister for Health cé méid duine atá sa tír de réir an príomh oifig staidrimh idir 60 bliain d’aois agus 70 bliain d’aois; and líon acu sin atá tar éis vaicsin a fháil go dáta in aghaidh Covid-19 nó atá tar éis clárú dó; an plean atá ann spreagadh a thabhairt don chuid eile acu an vaicsin a ghlacadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27255/21]

Photo of Stephen DonnellyStephen Donnelly (Wicklow, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Toisc go mbaineann an cheist pharlaiminteach le saincheist oibríochtúil, is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) a bhaineann sí. Mar sin féin, moltar de bhaill an Oireachtais nach bhfuil an HSE ábalta rochtain a fháil ar an bhfaisnéis le ceisteanna a fhreagairt mar gheall ar an cibearionsaí a tharla le déanaí agus a dhún síos na córais theicneolaíochta faisnéise (IT systems) go sealadach. Tá an cur isteach seo ag leanúint go fóill agus tá an HSE ag obair go crua ar mhaithe lena chórais IT a athbhunú agus a ghnáthsheirbhísí a thosú arís. Cuirfear comhairle ar bhaill an Oireachtais a luaithe is atá an HSE ábalta freagraí a thabhairt ar cheisteanna parlaiminteacha agus moltar dóibh a gcuid ceisteanna a athaighniú ag an bpointe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.