Written answers

Thursday, 24 June 2021

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

359. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil a Roinn i mbun comhráití le Cumann Ollscoileanna na hÉireann, leis an Údarás um Ardoideachas agus leis an Lár-Oifig Iontrála maidir le marcanna bónais a chur ar fáil do dhaltaí a roghnóidh an tsonraíocht churaclaim T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta atá á moladh faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34073/21]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leagtar amach i mBeartas Oideachais na Gaeltachta go bhfuil raon beart le breithniú chun daltaí i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna trí mheán na Gaeilge a spreagadh chun dul i ngleic le sonraíocht curaclaim T1 don Ghaeilge sa tsraith shinsearach. Féadfaidh an méid a leanas a bheith san áireamh orthu sin

- sparánachtaí tríú leibhéal a dheonadh do dhaltaí a fheidhmíonn ag tairseach gráid sonraithe nó a sháraíonn sin

- 10% de na háiteanna a chur in áirithe i ngach clár OTM do dhaltaí a ghnóthaíonn tairseach gráid sonraithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na riachtanais iontrála eile freisin

- breithniú ar fheidhmíocht i sonraíocht curaclaim T1 don Ghaeilge le haghaidh iontrála ar chúrsaí tríú leibhéal a éilíonn inniúlacht níos airde sa Ghaeilge.

I gcomhthreo le forbairt na ndréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, thionóil oifigigh i Roinn Oideachas roinnt cruinnithe le Cumann Ollscoileanna Éireann (COÉ) agus leis an gCumann um Ardoideachas Teicneolaíoch (CAOT), sular bunaíodh mo Roinn. Scrúdaíodh sna cruinnithe an raon clár tríú leibhéal le riachtanais iontrála sa Ghaeilge, glacadh le cláir OTM i measc iarrthóirí Gaeltachta agus bearta atá ar fáil cheana féin chun tacú le rochtain daltaí ar an mbreisoideachas agus ar an ardoideachas.

Ach, is institiúidí neamhspleácha iad na hOllscoileanna agus na Institúidí Teicneolaíochta, agus níl feidhm agam nó ag mo Roinn ina ngnóthaí oibríocha. Is faoi gach aon institúid aonair atá sé a cuid gnóthaí acadúla féin a bhainistiú, ina measc sin na riachtanais iontrála a leagan síos agus marcanna bónais a chur ar fail.

Is dréachtcháipéis atá sa tsonraíocht T1 reatha agus dá bhrí sin tá sí faoi réir athraithe bunaithe ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin a leathnaíodh go dtí an 30 Samhain. Ba ghá, dá bhrí sin, díospóireachtaí a chur ar sos go dtí go mbeidh torthaí an chomhairliúcháin agus an doiciméad 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.