Written answers

Thursday, 24 June 2021

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

302. To ask the Minister for Education and Skills cén plé a bhí aici le hoifigigh a Roinne agus leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta maidir leis an mbaol a bheadh ann don pholasaí oideachais Gaeltachta má chuirfear curaclaim Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 ar fáil, mar atá molta, agus mura mbeadh marcanna bónais curtha ar fáil as ucht cúrsa T1 a dhéanamh, mar aitheantas ar an ualach breise a bheadh ar dhaltaí a thabharfadh faoi shonraíocht churaclaim T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34074/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leagtar amach i mBeartas Oideachais na Gaeltachta go bhfuil raon beart le breithniú chun daltaí i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna trí mheán na Gaeilge a spreagadh chun dul i ngleic le sonraíocht curaclaim T1 don Ghaeilge sa tsraith shinsearach. Féadfaidh an méid a leanas a bheith san áireamh orthu sin

- sparánachtaí tríú leibhéal a dheonadh do dhaltaí a fheidhmíonn ag tairseach gráid sonraithe nó a sháraíonn sin

- 10% de na háiteanna a chur in áirithe i ngach clár OTM do dhaltaí a ghnóthaíonn tairseach gráid sonraithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na riachtanais iontrála eile freisin

- breithniú ar fheidhmíocht i sonraíocht curaclaim T1 don Ghaeilge le haghaidh iontrála ar chúrsaí tríú leibhéal a éilíonn inniúlacht níos airde sa Ghaeilge.

I gcomhthreo le forbairt na ndréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, thionóil oifigigh i mo Roinn roinnt cruinnithe le Cumann Ollscoileanna Éireann (COÉ) agus leis an gCumann um Ardoideachas Teicneolaíoch (CAOT) sular bunaíodh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS). Scrúdaíodh sna cruinnithe an raon clár tríú leibhéal le riachtanais iontrála sa Ghaeilge, glacadh le cláir OTM i measc iarrthóirí Gaeltachta agus bearta atá ar fáil cheana féin chun tacú le rochtain daltaí ar an mbreisoideachas agus ar an ardoideachas.

Is dréachtcháipéis atá sa tsonraíocht T1 reatha agus dá bhrí sin tá sí faoi réir athraithe bunaithe ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin a leathnaíodh go dtí an 30 Samhain. Ba ghá, dá bhrí sin, díospóireachtaí a chur ar sos go dtí go mbeidh torthaí an chomhairliúcháin agus an doiciméad sonraíochta deiridh ar fáil chun bonn eolais a chur faoi bhreithniú ar bhearta oiriúnacha.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

303. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist go mbeidh sonraíocht churaclaim T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta ar fáil do dhaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34075/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an dréachtshonraíocht T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta atá foilsithe faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le haghaidh comhairliúcháin dírithe ar chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta, agus ar scoláirí i scoileanna agus in aonaid a fheidhmíonn trí Ghaeilge.

Mar is amhlaidh i gcás na sraithe sóisearaí, agus gan a bheith ag iarraidh toradh an chomhairliúcháin a réamhghabháil, beidh sé de rogha ag scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla an tsonraíocht T1 a sholáthar laistigh dá n-acmhainní freisin.

Tá síneadh curtha ag an CNCM leis an dáta deiridh don chomhairliúchán go dtí an 30 Samhain 2021.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.