Written answers

Tuesday, 22 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

94. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir leis na 26 Limistéar Pleanála Teanga agus na 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, cé mhéad Pleananna Teanga atá ceadaithe aici; cé mhéad atá ag feidhmiú faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33294/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, tá 22 plean ceadaithe cheana féin. Den 22 plean sin tá 19 acu á fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga faoi láthair. Tá céimeanna a dtógáil maidir le tús a chur le feidhmiú an trí phlean eile.  Anuas ar sin, tá trí phlean á mheas ag mo Roinn faoi láthair - plean teanga Oileáin Árann, plean teanga Chléire agus plean teanga Mhaigh Eo Thiar.  Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta do mo Roinn go bhfuil ullmhúcháin plean teanga An Ghaeltacht Láir, Co Dhún na nGall, idir lámha.

Mar a bhaineann leis an trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas; tá péire dóibh siúd ceadaithe go dáta.  Tá plean teanga Dhaingean Uí Chúis á fheidhmiú agus tá céimeanna á dtógaíl maidir le tús a chur le feidhmiú phlean An Clocháin Léith, a ceadaíodh le gairid. Tuigtear dom go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas chun plean a chur le chéile mar a bhaineann sé le Béal an Mhuirthead.

Tá 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.

Is fiú a lua go bhfuil soláthar airgid de €5m ar fáil ó bhuiséad mo Roinne don phróiseas pleanála teanga i 2021 - ardú de €1.3m ar an allúntas a bhí ar fáil don phróiseas anuraidh. Chuir an t-allúntas sin ar mo chumas maoiniú de €3.4m a cheadú d’Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun cuidiú le cur i bhfeidhm an phróisis sa bhliain reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.