Written answers

Tuesday, 22 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

267. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Uimhir Cheist na Parlaiminte 59 ar an 28ú Aibreán 2021, an dtabharfaidh sí soiléiriú i dtaobh an phacáiste tacaíochta atá beartaithe chun cabhair a thabhairt do na coláistí samhraidh agus do na mná tí i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33421/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mhí seo caite, rinneadh cinneadh nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh tar éis dom dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallai pobail ábhartha na Gaeltachta araon.

Agus an cinneadh á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine dá bharr seo, go háirithe ar na daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Tuigim chomh maith céanna na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta, a bhraitheann cuid mhaith ar na coláistí samhraidh.

Mar a luaigh mé, bhí sraith cruinnithe ar líne agam féin agus ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt seachtainí anuas chun tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirthe leasmhara. Bhí cruinnithe againn le grúpa ionadaíochta na dteaghlaigh Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh, le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus le grúpa ionadaíochta na hallaí pobail Gaeltachta a bhaineann na coláistí samhraidh leas astu.

Bhí an plé sin thar a bheith tairbheach domsa mar Aire agus chabhraigh sé go mór dom léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí atá ag na páirithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh.

Tá obair idir lámha faoi láthair ag mo Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile don earnáil.

Táim muiníneach gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil tábhachtach seo ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.