Written answers

Tuesday, 22 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

81. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil freagra aici ar an gcinneadh a glacadh ag an Ard-Chúirt i gcás MacFhlannchadha v an tAire Talmhaíochta agus Bia go gcaithfear rialacháin nua a fhorordú chun a chinntiú go mbeidh Gaeilge agus Béarla araon ar lipéid agus paicáistiú táirgí leighis d’ainmhithe; ar labhair sí go fóill leis an Aire Talmhaíochta agus Bia mar gheall ar stádas na Gaeilge a chur chun cinn sna rialacháin seo, nó an bhfuil sé i gceist aici labhairt leis go luath; agus an dtapóidh sí an deis rialacháin níos forleithne a fhorordú chun a chinntiú go mbeidh dátheangachas riachtanach ar lipéid agus paicáistiú táirgí do thomhaltóirí go ginearálta. [33234/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé nach bhfuil aon fhreagracht reachtúil orm ó thaobh lipéadú dátheangach ar tháirgí leighis thréidliachta, tá spéis ag mo Roinn go mbeadh an Ghaeilge níos infheicithe i saol eacnamaíochta an Stáit. Ar an mbonn seo, rinne oifigigh de chuid mo Roinne teagmháil le hoifigigh de chuid an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara níos túisce i mbliana, tar éis breith Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i leith úsáid na Gaeilge ar lipéid tháirgí tréidliachta.

Tá teagmháil déanta le mo Roinn freisin maidir le feachtas atá ar bun le lipéadú dátheangach ar phacáistí bia go ginearálta a chur chun cinn, agus tá oifigigh mo Roinn i dteagmháil le heagraí an fheachtais seo.

Tá tiomantas tugtha i Réimsí Gnímh 6.8 – An Saol Eacnamaíochta, de chuid Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 maidir le Lipeadú agus Pacáistiú dátheangach. Gealltar go féachfaidh an Rialtas an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn. D’fhéadfaí an gníomh sin a úsáid mar mheicníocht chun forbairt a dhéanamh ar raon na réimsí inar féidir le daoine Gaeilge a roghnú mar theanga tráchtála.

Chomh maith leis sin, sonraíonn Alt 2.8.1.2 de Phlean Gníomhaíochta Gaeilge an Rialtais 2018-2022 go soláthróidh Foras na Gaeilge, i gcomhar le páirtithe ábhartha raon bearta le tacaíochta a sholáthar do úsáid na Gaeilge in earnáil an ghnó agus sa saol eacnamaíochta. Tá Foras na Gaeilge i mbun:

- Scéim tacaíochta maoinithe dírithe ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide: Scéim deontais í seo ina bhfuil maoiniú meaitseála oiread agus €3,000 ar fáil chun tacú le comharthaíocht, stáiseanóireacht, ábhair margaíochta chlóite, suíomhanna idirlín agus ábhair brandála eile a fhorbairt go gairmiúil i nGaeilge nó go dátheangach

- Pacáiste Acmhainní Tacaíochta do Ghnólachtaí: Tá 31 saináis tacaíochta don earnáil ghnó ar fáil saor in aisce ón gcóras féinordaithe. Mar chuid den phacáiste tacaíochta, tá rogha comharthaí féinghreamaithe, suaitheantais, bileoga agus earraí tacaíochta eile chun cur le hinfheictheacht na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó

- Treoirleabhráin ar DheaChleachtais: Mar chuid de shraith foilseachán, foilsíodh dhá threoirleabhrán chun treoir phraiticiúil a thabhairt don earnáil gnó ar úsáid an dátheangachais: ‘Comharthaíocht Dhátheangach’ agus ‘Pacáistíocht Dhátheangach’.  Beidh an chéad treoirleabhrán eile dírithe ar úsáid an  dátheangachais go leictreonach agus ar shuíomh Idirlín.

- QMharc Gnó le Gaeilge: cód deonach agus córas cáilíochta nuafhorbartha don earnáil ghnó is ea ‘QMharc Gnó le Gaeilge’, atá dírithe ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don sárchleachtas dátheangach bunaithe ar an gCaighdeán Idirnáisiúnta ISO 9001:2008. Is féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud oileán na hÉireann cur isteach ar an ngradam seo.

Leanfaidh oifigigh mo Roinne ag comhoibriú le Foras na Gaeilge, lena chinntiú go gcuirfear Alt 2.8.1.2 i bhfeidhm.

Chomh maith leis seo, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do eagraíochtaí mar Gael-Taca i gCorcaigh; Gnó Mhaigh Eo; Gaillimh le Gaeilge agus le déanaí Cill Dara le Gaeilge, le tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge i réimse an ghnó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.