Written answers
Tuesday, 22 June 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
117. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a bheidh leasaithe do Chéim na Tuarascála de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 réidh le foilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33188/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, rinneadh plé cuimsitheach agus fiúntach maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 nuair a tógadh é ag Céim an Choiste sa Dáil san earrach. Gheall mé le linn na díospóireachta sin go ndéanfainn roinnt mhaith de na leasaithe a mhol an freasúra a mheas sa chaoi is go mbeinn in ann mo chuid moltaí fhéin ina leith a thabhairt chun cinn ag Céim na Tuarascála.
Tá an obair sin fós ar bun ag oifigigh mo Roinne i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne agus an dréachtóir pharlaiminte. Foilseofar na leasaithe a bhfuil i gceist agam a thabhairt chun cinn ag Céim na Tuarascála a luaithe is a bheidh críoch curtha leis an obair sin.
Dár ndóigh, beidh na leasuithe a bheidh á moladh agam le faomhadh ag an Rialtas roimh Céim na Tuarascála den Bhille chomh maith.
No comments