Written answers

Tuesday, 15 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

492. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh an caiteachas breise €3.5 milliún a fógraíodh do TG4 i mBuiséad 2021 ina chaiteachas aon uaire chun dul i ngleic le teagmhais i leith Covid-19, agus ar chuige sin amháin é, nó an bhfuil an leithdháileadh sin neamhspleách ar mhaoiniú a bhaineann go sonrach le Covid-19 agus an bhfuil sé le tuiscint mar ghné nua de bhun-leithdháileadh maoiniúcháin bonnlíne na Roinne ar TG4. [31050/21]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann an méadú de €3.5m (maoiniú caipitil de €1m agus maoiniú reatha de €2.5m), a fuair mé i mBuiséad 2021, maoiniú an státchiste do TG4 i 2021 go dtí €40.733m, comhdhéanta de €36.733m i gcaiteachas reatha agus €4m i gcaiteachas caipitil. Is méadú é seo ar leithligh ón íocaíocht aon uaire de €1.9m a fuair mé i 2020 chun críche shainchostais TG4 a bhain le Covid-19 a chlúdach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.