Written answers

Tuesday, 15 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

468. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas reatha €58,782,000, arna leagan amach i mBuiséad 2021, atá caite go dtí seo, cé mhéad de atá le caitheamh faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíltear a thabharfar anonn go dtí 2022. [31026/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

469. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas caipitil €19,224,000, arna leagan amach i mBuiséad 2021, atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31027/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

472. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas reatha €58,782,000, arna leagan amach i mBuiséad 2021, ar chaiteachas aon uaire é chun dul i ngleic le paindéim Covid-19, agus cad é an caiteachas bonnlíne nuair a chuirtear as an áireamh leithdháiltí a bhaineann go sonrach le teagmhais i leith Covid-19. [31030/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

473. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas caipitil €19,224,000, arna leagan amach i mBuiséád 2021, a bhaineann le caiteachas aon-uaire chun dul i ngleic le paindéim Covid-19, agus cad é an figiúr caiteachais bonnlíne nuair a chuirtear as an áireamh leithdháiltí a bhaineann go sonrach le teagmhais i leith Covid-19. [31031/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

485. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas breise €8 milliún a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2021 atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31043/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

486. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh an caiteachas breise €8 milliún a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2021 ina chaiteachas aon uaire chun dul i ngleic le teagmhais i leith Covid-19, agus ar chuige sin amháin é, nó an bhfuil an leithdháileadh sin neamhspleách ar mhaoiniú a bhaineann go sonrach le Covid-19 agus an bhfuil sé le tuiscint mar ghné nua de bhun-leithdháileadh maoiniúcháin bonnlíne na Roinne ar an Údarás. [31044/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

487. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas breise €2.4 milliún a fógraíodh mar scéim tacaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséád 2021 atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31045/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

488. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh an caiteachas breise €2.4 milliún a fógraíodh don scéim tacaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2021 ina chaiteachas aon uaire chun dul i ngleic teagmhais i leith Covid-19, agus ar chuige sin amháin é, nó an bhfuil an leithdháileadh sin neamhspleách ar mhaoiniú a bhaineann go sonrach le Covid-19 agus an bhfuil sé le tuiscint mar ghné nua de bhun-leithdháileadh maoiniúcháin bonnlíne na Roinne ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. [31046/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

489. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas breise €1.8 milliún a fógraíodh don Fhoras Teanga i mBuiséad 2021 atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31047/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

490. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh an caiteachas breise €1.8 milliún a fógraíodh don Fhoras Teanga i mBuiséad 2021 ina chaiteachas aon uaire chun dul i ngleic le teagmhais i leith Covid-19, agus ar chuige sin amháin é, nó an bhfuil an leithdháileadh sin neamhspleách ar mhaoiniú a bhaineann go sonrach le Covid-19 agus an bhfuil sé le tuiscint mar ghné nua de bhun-leithdháileadh maoiniúcháin bonnlíne na Roinne ar an bhForas Teanga. [31048/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

491. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh an caiteachas breise €1.3 milliún a fógraíodh don phleanáil teanga i mBuiséad 2021 ina chaiteachas aon uaire chun dul i ngleic le teagmhais i leith Covid-19, agus ar chuige sin amháin é, nó an bhfuil an leithdháileadh sin neamhspleách ar mhaoiniú a bhaineann go sonrach le Covid-19 agus an bhfuil sé le tuiscint mar ghné nua de bhun-leithdháileadh maoiniúcháin bonnlíne na Roinne ar an bpleanáil teanga. [31049/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

493. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas reatha €17,530,000, arna leagan amach d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2021, atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31051/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

494. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas caipitil €14,454,000, arna leagan amach d’Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2021, atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31052/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

495. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad den chaiteachas €15,162,000, arna leagan amach do Chomhoibriú Thuaidh/Theas i mBuiséad 2021 faoin maoiniú Gaeltachta, atá caite go dtí seo, cé mhéad de a shíleann sí a chaithfear faoin 31 Nollaig 2021, agus cé mhéad de a shíleann sí a thabharfar anonn go dtí 2022. [31053/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 468, 469, 472, 473, 485, 486, 487, 488, 489, 490, 491, 493, 494 and 495 together.

Is é an t-allúntas iomlán atá ag mo Roinn do 2021 ná €1,081,818,000. Tá sonraí na n-allúntas uilig leagtha amach faoi na réimsí clár agus faoi fho-mhíreanna san Imleabhar de Mheastacháin Athbhreithnithe 2021 (REV2021) foilsithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar a suíomh idirlín ag:

www.gov.ie/en/collection/e20037-revised-estimates

Aithníonn REV2021 an tionchar leanúnach atá ag an Phaindéim Covid-19 ar na hearnálacha faoi choimirce mo Roinne chomh maith le tionchar BREXIT – léiríonn said fosta na gealltanais atá san áireamh i gClár an Rialtais – Ár dTodhchaí Roinnte . Mar sin féin, níl aon rangú ar leith déanta ar allúntais maoinithe laistigh de réimsí clár seachas faoi fho-mhíreanna.

Tá aisfhreagra an Rialtais ar thionchar na paindéime ar an earnáil agus ar an gheilleagar go ginearálta comhdhéanta de réimse leathan tacaíochtaí curtha i bhfeidhm thar éagsúlacht Ranna. Sa bhreis ar bhearta idirghabhála díreacha a thug mo Roinn isteach, chinntigh an Rialtas go raibh tacaíochtaí cothrománacha ar fáil atá an-tábhachtach d’inmharthanacht a lán inár n-earnálacha. Ina measc siúd tá an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach (PUP), an Scéim Fóirdheontais Pá (EWSS), an Scéim Tacaíochta um Shrianta Covid (CRSS) agus an Scéim Tacaíochta Gnónna Beaga maidir le Covid (SBASC) agus tá siad seo uilig ina dtacaíochtaí leanúnacha do gach earnáil le linn na géarchéime seo.

Foilsíonn an Roinn Airgeadais sonraí caiteachais mo Roinne agus gach Roinn Stáit go míosúil ar:

www.gov.ie/en/publication/b9bc4-fiscal-monitor-may-2021/

Is é an caiteachas iomlán a bhí ag mo Roinn go dtí 31 Bealtaine 2021 ná €273.68m. Is figiúr sealadach é seo mar go bhfuil an caiteachas uilig laistigh de Vóta mo Roinne faoi réir dheimhniú inmheánach leanúnach agus próiseas monatóireachta chun an úsáid is fearr d’acmhainní airgeadais a chinntiú. B’fhéidir go ndéanfaí coigeartaithe idir fo-mhíreanna mar chuid den phróiseas sin agus tá na figiúir uilig faoi réir iniúchadh de chuid Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Cé go bhfuil sé ró-luath tuar beacht a thabhairt faoin chaiteachas deireadh bliana, thig liom a mheabhrú nach meastar faoi láthair go mbeidh aon choigilteas suntasach ann. Leanfar le monatóireacht chúramach a dhéanamh ar an chaiteachas uilig laistigh de Vóta mo Roinne idir seo agus deireadh na bliana chun an úsáid is éifeachtaí d’acmhainní airgeadais a chinntiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.