Written answers

Thursday, 3 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

256. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht An gcuirfidh sí scéim chúitimh ar fáil do na mná agus na fir tí don tsamhraidh seo agus na coláistí samhraidh Gaeltachta curtha ar cheal; cé mhéad a chuirfidh sí ar fáil dóibh; cén dáta faoina mbeidh soiléiriú ar an scéim chúitimh ag na mná tí; agus cén dáta faoina mbeidh siad ag fáil íocaíocht. [30362/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

257. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí scéim chúitimh ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeltachta don tsamhraidh seo agus na coláistí samhraidh curtha ar cheal; cé mhéad a chuirfidh sí ar fáil dóibh; cén dáta faoina mbeidh soiléiriú ar an scéim chúitimh ag na coláistí, agus cén dáta faoina mbeidh siad ag fáil íocaíocht. [30363/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

258. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí scéim chúitimh ar leith ar fáil do na hallaí pobail Gaeltachta don tsamhraidh seo agus na coláistí samhraidh curtha ar cheal; cé mhéad a chuirfidh sí ar fáil dóibh; cén dáta faoina mbeidh soiléiriú ar an scéim chúitimh ag na hallaí; agus cén dáta faoina mbeidh siad ag fáil íocaíocht. [30364/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

259. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an aontaíonn sí go bhfuil níos mó airgid de dhíth ar choláistí samhraidh, mná tí agus hallaí pobail Gaeltachta i mbliana ná mar a bhí anuraidh toisc an breis costais a bhí le caitheamh orthu chun ullmhúchán a dhéanamh le bheith in ann cloí leis an gcoinníollacha sláinte a cuireadh orthu sular gcuireadh na cúrsaí samhraidh ar ceal i mbliana. [30365/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

260. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht An bhfuil sí tar éis cás na gcoláistí Gaeltachta atá ag brath ar dhaltaí ó na sé contae a ardú leis an Aire Pobail nó an Aire Oideachais san Fheidhmeannas ó thuaidh, go háraithe coláistí samhraidh i mBun an Inbhir, Machaire Rabhartaigh agus Loch an Iúir, chun tacaíocht agus maoiniú a fháil dóibh, agus muna bhfuil an ndéanfaidh sí dul i gcomhchomhairle leis an Aire cuí go luath. [30366/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 256, 257, 258, 259 and 260 le chéile.

An mhí seo caite, rinneadh cinneadh nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh tar éis dom dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiútha hallai pobail ábhartha na Gaeltachta araon.

Agus an cinneadh á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine dá bharr seo, go háirithe ar na daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Tuigim chomh maith céanna na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta, a bhraitheann cuid mhaith ar na coláistí samhraidh.

Mar a luaigh mé, bhí sraith cruinnithe ar líne agam féin agus ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt seachtainí anuas chun tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirthe leasmhara. Bhí cruinnithe againn le grúpa ionadaíochta na dteaghlaigh Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh, le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus le grúpa ionadaíochta na hallaí pobail Gaeltachta a bhaineann na coláistí samhraidh leas astu.

Bhí an plé sin thar a bheith tairbheach domsa mar Aire agus chabhraigh sé go mór dom léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí atá ag na páirithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh.

Tá obair idir lámha faoi láthair ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile don earnáil chomh luath agus is féidir.

Táim muiníneach gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil tábhachtach seo ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.