Written answers

Thursday, 3 June 2021

Department of Public Expenditure and Reform

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

253. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cé mhéid duine a bhí cáilithe agus a cuireadh ar an bpainéal Oifigeach Feidhmmeannach sa státseirbhís (Comórtas 2019) a bhí cáilithe oibriú i nGaeilge; an lion acu siúd a tairrgíodh post sa státshéirbhís dóibh go dáta; an dáta faoin a dtiocfaidh deireadh leis an bpainéal áirithe seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30376/21]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

254. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an líon Oifigeach Feidhmiúcháin a bheadh cáilithe le n-oibriú trí Ghaeilge a fostaíodh sa státsheirbhís le bliain anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30377/21]

Photo of Michael McGrathMichael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 253 agus 254 le chéile.

Mar is eol don teachta, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) an t-earcaitheoir neamhspleách i gcomhair ceapachán sa Státseirbhís. Tá gach earcaíocht faoi stiúir éilimh agus téann PAS i mbun comórtas thar ceann na Státseirbhíse chun painéil a bhunú ar féidir tarraingt orthu de réir mar a thagann folúntais aníos i Ranna nó Oifigí Rialtais. 

Chuir PAS in iúl dom gur éirigh le 88 iarrthóir áit a fháil ar an bpainéal i gcomórtas 2019 Gaeilge EO. Go dtí seo, sannadh 32 iarrthóir. 

Níltear ag dúil go ndéanfar ceapacháin ón gcomórtas seo i ndiaidh Mheán Fómhair 2021.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.