Written answers

Tuesday, 1 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

290. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht i bhfianaise an ceadúnas dobharshaothraithe sliogéisc atá ag Údarás na Gaeltachta do Chuan na Beirtrí Buí agus Cuan Chill Chiaráin i gConamara a bheith in ainm an Údaráis le dhá bhliain anuas, cén plean oibre atá curtha i bhfeidhm agus cé na hacmhainní atá á gcur ar fáil le hathbheochan a dhéanamh ar thionscal na hiascaireachta sliogéisc sa cheantar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29200/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tugtha le fios dom ag Údarás na Gaeltachta gur cheannaigh siad na cearta iascaireachta ar Chuan Chill Chiaráin agus Cuan na Beirtrí Buí ó Ghael Linn ag deireadh na seachtóidí/tús na n-ochtóidí. Ó shin i leith bhí na cearta seo ar léas do Chomharchumann Sliogéisc Chonamara Teo.  chun forbairt a dhéanamh ar na beirtreacha agus chun go mbeadh siad in ann an t-iascach sliogéisc a bhainistiú ar son bhaill an chomharchumainn.

D'iarr Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo ar Údarás na Gaeltachta an ceadúnas dobharshaothraithe a thógáil ar lámh in 2018 de bharr dúshláin inmheánacha a bhí ag an gComharchumann ag an am.

Tá Údarás na Gaeltachta i mbun comhoibriú leanúnach le Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo. ó shin i leith chun struchtúr na heagraíochta a threisiú agus athnuachan a dhéanamh ar phlean agus straitéis forbartha don earnáil sliogéisc i gCuan Chill Chiaráin agus i gCuan na Beirtrí Buí. Cuirtear deontas reáchtála ar fáil don Chomharchumann, ar aon dul leis na hEagrais Forbartha Pobail Ghaeltachta eile. Cuireann an deontas reáchtála ar chumas an Chomharchumainn bainisteoir a fhostú chun tabhairt faoi obair laethúil agus forbartha.

Tá tacaíocht díreach á tabhairt ag an Údarás don chomharchumann ar chúrsaí bainistíochta agus rialachais, agus ar chothú nasc agus deiseanna le heagraíochtaí mara agus oideachais. Tá nasc cruthaithe le Foras na Mara agus le taighdeoirí in ollscoileanna éagsúla chun saineolas eolaíoch a chur ar fáil don eagras maidir le suirbhéireacht agus forbairt stoic.

Chuige sin, tá Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo lárnach i dtogra Eorpach, InEVal, atá ag breathnú ar na féidearthachtaí crosán mara, atá ag cur as don stoc sa Bheirtreach Buí, a úsáid chun tairgí nua a chruthú.

De bharr an dlúthchomhoibrithe, tá Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo anois ag feidhmiú ar an mbunús go bhfuil eolas á bhailiú go laethúil chun gur féidir cinntí a dhéanamh faoi thodhchaí an chomharchumainn atá bunaithe ar fhíricí chomh maith le suirbhéanna bliantúla agus monatóireacht níos fearr atá á déanamh ar fás stoc sa chuan.

Ó thaobh cúrsaí caomhnaithe stoc de, is é Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo. atá ina bhun agus cuirtear cuóta i bhfeidhm maidir leis an líon tonnaí gur féidir a iascach in aon séasúr amháin chomh maith le coinníoll maidir le saghas agus méid an tsliogéisc gur féidir a ghabháil. Is é an comharchumann a shocraíonn na laethanta iasccaireachta agus na cuótaí laethúla do na hiascairí chomh maith.

Ar iarratas ón gcomharchumann, tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leo agus tá gach atá ar bun dírithe ar an iascaireacht agus an stoc a chaomhnú agus a láidriú ar mhaithe leis an gceantar Gaeltachta máguaird.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.