Written answers
Tuesday, 25 May 2021
Department of Rural and Community Development
Seirbhísí Farantóireachta
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
27. To ask the Minister for Rural and Community Development cad é stádas an bháid farantóireachta nua atá saincheaptha d’Oileán Thoraí; cén uair a bheidh an bád réidh le seoladh; an mbeidh sí sásta cruinniú a bheith aici le muintir an oileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21491/21]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta déantar freastal ar Oileán Thoraí ó Ché Machaire Rabhartaigh ar an mórthír, agus bhí coimisiúnú bád nua do Thoraigh agus forbairt na céibhe ag Machaire Rabhartaigh liostáilte mar thograí faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2040.
Beidh tionchar ag an obair ar Ché Machaire Rabhartaigh ar an gcineál bád a bhéas ábalta feidhmiú go héifeachtach ón ché go hOileán Thoraí, agus mar sin tá forbairt na céibhe seo agus soláthar an bháid nua fite fúite lena chéile mar réitigh fad téarmach ar rochtain réidh ar an oileán.
Tá cé Mhachaire Rabhartaigh faoi chúram Comhairle Chontae Dhún an nGall agus tuigtear dom go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair le Comhairle Chontae Dhún na nGall maidir le plean forbartha do Ché Machaire Rabhartaigh a chur chun cinn.
Agus soiléireacht faighte faoin bhforbairt ar ché Mhachaire Rabhartaigh, beifear ábalta tabhairt faoi na céimeanna i dtreo an bháid nua a choimisiniú.
No comments