Written answers

Tuesday, 18 May 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

337. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ar choinnigh Údarás na Gaeltachta airgead siar ó chliantchomhlachtaí in aon chás thar na blianta sna cúinsí atá luaite toisc sárú a bheith déanta acu ar choinníollacha teanga, dár tagraíodh i mo cheist pharlaiminte uimhir 53 den 6 Bealtaine 2021; agus sonraí a thabhairt faoi cén coinníoll a bhí sáraithe. [25592/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an gceist a d'fhreagair mé sa Teach seo ar an 6 Bealtaine ar an ábhar seo.

Tar éis an cheist seo a bheith tógtha in athuair leis an Údarás, tá sé curtha in iúl nach eol dóibh aon chás inar coinníodh siar airgead sna cúinsí atá luaite ag an Teachta.

Mar atá mínithe agam don Teachta roimhe seo, tuigtear dom go mbíonn coinníollacha faoi Leith, lena n-áirítear coinníollacha teanga, ag baint le gach deontas a cheadaíonn Údarás na Gaeltachta dá gcliaint, ag brath ar an saghas maoinithe agus an leibhéal tacaíochta atá i gceist.

Bíonn ar na cliaint na coinníollacha sin a chomhlíonadh sula ndéantar éileamh ar íocaíocht deontais. Má bhíonn deacracht ag cliaint le ceann ar bith de na coinníollacha a chomhlíonadh, tuigtear don Roinn go n-oibríonn feidhmeannaigh an Údaráis go dlúth leis an gcliant chun a chinntiú go mbíonn na coinníollacha deontais comhlíonta sula ndéantar éileamh ar íocaíocht.

Tá sé deimhnithe ag an Údarás go bhfuil córais rialaithe inmheánacha i bhfeidhm chun an méid sin a chinntiú agus nach ndéantar aon éileamh ar íocaíocht deontais a phróiseáil go dtí mbíonn an tÚdarás sásta go bhfuil na coinníollacha ar fad comhlíonta go cuí. De thoradh an cur chuige réamhghníomhach seo, tuigtear don Roinn nach raibh gá aon tráthchuid deontais a choinneáil siar de bharr ghnóthaí teanga go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.