Written answers

Thursday, 13 May 2021

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

130. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí ar an eolas faoi thorthaí suirbhé atá déanta ag an nGréasán ar bhreis is 400 múinteoir, ina ndúirt 95% acu go bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfadh sí an comhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí a chur siar, go ndúirt 89% mar an gcéanna faoin gcúrsa Ardteiste, agus go ndúirt duine as gach cúigear gur chóir cúiteamh a thabhairt do dhaltaí a thugann faoin gcúrsa T1 atá molta; an gcuirfidh sí siar an comhairliúchán ar an mbunús sin; agus ráiteas a dhéanamh faoin moladh cúiteamh a thabhairt do dhaltaí chun cúrsa Gaeilge níos dúshlánaí a dhéanamh. [25098/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Rialtas seo tiomanta do mhúineadh na Gaeilge agus d’fhoghlaim na Gaeilge a neartú ag gach leibhéal san earnáil scoile, an tsraith shinsearach san áireamh, agus is mór agam staidéar na Gaeilge mar ghné thábhachtach i gcuraclam leathan cothrom do gach scoláire.

Táim ar an eolas maidir le torthaí an tsuirbhé a rinne An Gréasán, a cuireadh faoi bhráid mo Roinne le déanaí. Tuigim gur chuir oifigigh i mo Roinn an suirbhé ar aghaidh chun na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), a chuimseoidh torthaí an tsuirbhé mar aighneacht sa phróiseas comhairliúcháin atá ar bun ar na dréachtsonraíochtaí don Ghaeilge. Tá an comhairliúchán le leanúint ar aghaidh go dtí deireadh Lúnasa, agus an fhéidearthacht ann an amlíne a shíneadh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, gur dréachtcháipéisí iad na cáipéisí sonraíochta atá foilsithe faoi láthair chun críocha comhairliúcháin. Nuair a dhúnfar an comhairliúchán, cuirfidh an CNCM tús le hanailís ar an aiseolas a taifeadadh agus úsáidfear é seo mar bhonn eolais d’athbhreithniú ar na dréachtcháipéisí sonraíochta agus d’aon chomhairle ón CNCM a chuirfear faoi mo bhráid lena breithniú.

Mar atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, tá breithniú á dhéanamh ag oifigigh na Roinne ar raon beartas chun rannpháirtíocht sa tsonraíocht T1 i scoileanna na Gaeltachta agus i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge a spreagadh. Áirítear leo seo scéim sparánachta tríú leibhéal a thabhairt isteach agus 10% d'áiteanna sna cláir Oideachais Tosaigh do Mhúinteoirí go léir a chur in áirithe do scoláirí a shroicheann nó a sháraíonn tairseach ghráid a shonraítear sa tsonraíocht churaclaim T1.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.