Written answers

Tuesday, 11 May 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cumarsáid Aireachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

297. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ar labhair sé go fóill leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun a chinntiú go mbeidh cumas sa Ghaeilge sonraithe i dtreoirlínte faoi chomhaltaí boird Stáit, mar a gheall sé ag Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge an 9 Márta 2021; ar scríobh sé go fóill go dtí na Ranna eile ag impí orthu cumas sa Ghaeilge a chur san áireamh mar scil le tabhairt san áireamh do chomhaltas boird Stáit a thagann faoina scáth; agus aon fhreagra a fuair sé uathu a roinnt leis an Teachta seo. [24179/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a gheall mé ag Céim an Choiste do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, tá iarrtha agam ar oifigigh no Roinne na treoirlínte a eisíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le baill bord Stáit a phlé leis an Roinn sin. Chuige sin, tá iarrtha agam ar mo chuid oifigigh cruinniú a shocrú leis na hoifigigh cuí sa Roinn sin agus tuigtear dom go bhfuil socruithe á ndéanamh idir an dá Roinn maidir le cruinniú a eagrú.

Agus an cheist seo pléite ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe , bheadh i gceist agam scríobh chuig na Ranna Stáit eile maidir le chomhaltas bord Stáit ag eascairt as na comhráití a tharlóidh ag an gcruinniú úd.

Anuas air sin agus i gcomhthéacs na hoibre ar an mBille nua, shíl mé go mbeadh sé tráthúil ag an bpointe ama seo a mheabhrú do gach comhlacht poiblí faoi na dualgais dhíreacha i leith sheirbhísí trí Ghaeilge atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Rialacháin ghaolmhara eile a rinneadh ó achtaíodh é.

Sa chomhthéacs sin, ar 16ú Márta 2021, scríóbh An tAire Martin agus mé fhéin chuig gach Aire Rialtais chun a n-aird a dhíriú go sonrach ar na dualgais sin. Iarraidh orthu a chinntiú go ngníomhódh a gcuid Ranna de réir na riachtanas éigeantach seo agus an méid seo a mheabhrú do na comhlachtaí poiblí ábharthacha atá faoi chúram a Ranna chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.