Written answers

Tuesday, 11 May 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

275. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad uair le cúig bliana anuas ar chuir Foras na Gaeilge comhairle ar aon Aire Rialtais, nó ar aon Roinn Stáit nó ar chomhlacht reachtúil mar is ceadmhach faoin Acht bunaidh thuaidh agus theas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23763/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bíonn cruinnithe rialta ag oifigigh shinsearacha de chuid Fhoras na Gaeilge le hoifigigh shinsearacha Ranna Rialtais éagsúla agus cuirtear comhairle orthu sna cruinnithe sin. Go príomha, is leis na hAirí i ranna urraíochta an Fhorais a bhuaileann siad. Bíonn cruinnithe le hAirí sna ranna urraíochta dhá nó trí huaire sa bhliain, le tuairimí Fhoras na Gaeilge a chur i láthair. Taobh amuigh de na cruinnithe sin, tuigtear dom go raibh cruinniú idir Fhoras na Gaeilge agus an tAire Oideachais in 2019.

Maidir leis an ról níos leithne atá ag Foras na Gaeilge comhairle a thabhairt, bhuail Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge le Príomhfheidhmeannaigh na gComhairlí Contae a mbeidh Baile Seirbhíse Gaeltachta ina limistéar le linn 2019, mar chuid de shraith cruinnithe le comhairle a chur orthu maidir leis an phróiseas pleanála teanga ina gceantar agus róil na gComhairlí sa phróiseas sin. Buaileann Foras na Gaeilge ar bhonn rialta le lucht ceannasaíochta roinnt eagraíochtaí eile a bhfuil ról tábhachtach acu i dtaobh na Gaeilge de, RTÉ agus an Chomhairle Ealaíon ina measc.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.