Written answers
Tuesday, 11 May 2021
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
599. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé ar an eolas faoin bhfeachtas atá ann le déanaí, curtha chun cinn ag an tOllamh Caoimhín De Barra, chun Gaelollscoil a bhunú sa Ghaeltacht agus an bhfuil aon obair nó taighde déanta ag an rialtas ar cé chomh indéanta is atá an moladh nó cé mhéad a chosnódh sé ollscoil nua a bhunú. [23811/21]
Simon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinn tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge. Is colún lárnach de chur chuige an rialtais é an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 chun a chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothú ar fud an stáit. Mar is dócha gur eol don Teachta, tá tacaíocht shonrach tugtha d’fhorbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG). D’aontaigh mo Roinn leithdháileadh €900,000 a sholáthar don Acadamh do na blianta acadúla 2019/20 agus 2020/21.
Níl sé ar intinn agam, faoi láthair, Gaelollscoil a bhunú sa Gaeltacht, agus níl taighde déanta ag mo Roinn faoin abháir.
No comments