Written answers

Thursday, 6 May 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

53. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí ar fáil i bhfoirm thábla cén líon uaireanta le 10 mbliana anuas a chinn Údarás na Gaeltachta go raibh na coinníollacha teanga, a ndearna sí tagairt dóibh sa fhreagra a thug sí dom ar cheist uimhir a 96 an 28 Aibreán 2021, á sárú ag cliantchuideachta de chuid an Údaráis; cén líon uaireanta a stopadh íocaíochtaí mar thoradh ar choinníollacha teanga a bheith á sárú ag cliantchuideachta dá chuid; cérbh iad na cuideachtaí a bhí i gceist; cérbh iad na sáruithe a bhí i gceist; agus cén próiseas monatóireachta atá ag Údarás na Gaeltachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha teanga sin. [23379/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Déanann an tÚdarás an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teangabhunaithe.

Is féidir leis an Údarás raon dreasachtaí airgeadais i bhfoirm deontais a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla i dtaca le gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Oibríonn an tÚdarás lena chliant-chomhlachtaí ar bhonn leanúnach le cinntiú go bhfuil tionchar dearfach acu ar an Ghaeltacht, ní hamháin ó thaobh fostaíochta de ach ó thaobh na Gaeilge, seirbhísí áitiúla agus infreastruchúr pobail de chomh maith.

Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go mbíonn teagmháil rialta ag a chuid Oifigigh Teanga leis na cliantchomhlachtaí agus leis na Feidhmeannaigh Fiontraíochta a bhíonn ag plé leo, agus go n-éiríonn go maith leo dul i bhfeidhm orthu.

Tuigtear dom go mbíonn coinníollacha faoi leith - ní hamháin coinníollacha teanga - ag baint le gach deontas a cheadaíonn an tÚdarás dá gcliaint, ag brath ar an saghas maoiniú agus an méid tacaíochta atá i gceist. Bíonn ar na cliaint na coinníollacha sin a comhlíonadh sula n-íoctar aon deontas.

D’fhéadfadh go leor cúiseanna éagsúla a bheith i gceist le deontas a bheith gan éileamh nó gan íoc, coinnithe siar nó curtha ar ceal. Tuigtear dom go mbíonn ar an Údarás cúinsí áirithe gnó a chur san áireamh ó am go ham sa phlé le cliantchomhlachtaí maidir le coinníollacha deontais agus teanga, mar shampla, má thagann athrú ar staid airgeadais an ghnó nó má bhíonn deacrachtaí acu teacht ar dhaoine le Gaeilge leis na scileanna agus cáilíochtaí cuí do na hearnálacha ina bhfuil siad ag feidhmiú.

Cuirtear san áireamh chomh maith má tá an cliantchomhlacht ag trádáil i margaí idirnáisiúnta agus nach mbíonn siad ag trádáil go díreach le pobal na Gaeilge nó na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás cur síos ina thuarascáil bhliantúil ar na deontais a íocadh le cliantchomhlachtaí le linn bliana agus foilsítear na táblaí sin ar www.udaras.ie

Tuigtear dom nach bhfuil córas teicneolaíochta faisnéise an Údaráis curtha in oiriúint chun a leithéid de mhioneolas atá iarrtha ag an Teachta a bhailiú. Tá deimhnithe ag an eagraíocht dom, áfach, go dtuigtear nár choinníodh airgead siar i mórán cásanna thar na blianta sna cúinsí atá luaite ag an Teachta agus go n-éiríonn leis an Údarás, den chuid is mó, dul i gcion ar chomhlachtaí maidir leis na coinníollacha teanga.

Tuigtear dom go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an Údarás ar na córais agus an cur chuige atá in áit aige faoi láthair maidir leis na coinníollacha teanga a chuirtear i bhfeidhm ar chliantchomhlachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leis a riar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.