Written answers

Wednesday, 5 May 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

252. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard iad na sonraí go beacht a choinníonn Údarás na Gaeltachta i dtaobh cliant-chuideachtaí dá chuid maidir le coinníollacha teanga, go háirithe i gcomhthéacs an fhreagra a tugadh ar cheist 661 ar an 21 Aibreán 2021. [22813/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den phlé le cliantchomhlachtaí i dtaca le gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht, tuigtear dom go ndéanann Údarás na Gaeltachta a mheabhrú do phríomhaithe an tábhacht atá leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach réimse dá ghnó. Tugann an tÚdarás le fios dóibh go bhfuil tacaíocht an Údaráis coinníollach ar phlean teanga a bheith aontaithe leis an gcomhlacht agus ar chur i bhfeidhm an phlean teanga sin. Léirítear dóibh chomh maith an raon tacaíochtaí atá ar fáil dóibh le cuidiú leo plean teanga a chur i bhfeidhm sa ghnó.

Nuair a cheadaíonn an tÚdarás pacáiste tacaíochta, ullmhaítear Comhaontú Deontais, ina bhfuil coinníollacha teanga mar chuid de agus mínítear na coinníollacha teanga sin do na príomhaithe, mar aon le coinníollacha an deontais ina iomláine.

Nuair a bhíonn an pacáiste tacaíochta ceadaithe agus aontaithe leis an gcliantchomhlacht, aontaítear an plean teanga leis an gcomhlacht, bunaithe ar an saghas gnó atá i gceist. Tá 30 gníomhaíocht leagtha amach sa chlár teanga agus iad dírithe ar réimsí faoi leith - an chumarsáid scríofa, an chumarsáid labhartha, polasaí earcaíochta agus oiliúna, agus aitheantas don Ghaeilge. Aontaítear an plean ag brath ar an saghas gnó atá i gceist.

Bíonn teagmháil leanúnach idir an tOifigeach Teanga san Údarás agus an cliantchomhlacht, ag brath ar riachtanais an chlaintchomhlachta, dul chun cinn an phlean teanga, líon na gcoinníollacha Gaeilge comhlíonta agus íocaíochtaí deontais a bpróiseáil.

Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta, óna dtaithí, go mbíonn mórchuid na bpríomhaithe sna cliantchomhlachtaí báúil don Ghaeilge. Bíonn teagmháil rialta ag na hOifigigh Teanga leis na cliantchomhlachtaí agus leis na Feidhmeannaigh Fiontraíochta a bhíonn ag plé leo. Den chuid is mó, éiríonn leis na hOifigigh Teanga dul i bhfeidhm ar lucht bainistíochta sna cliantchomhlachtaí agus tuairiscítear go mbíonn tionchar dearfach ar a gcuid oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.