Written answers
Wednesday, 28 April 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Question Heading
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
84. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fhoilseofar reachtaíocht nua chun go mbeidh bord le baill tofa ag pobal na Gaeltachta uair amháin eile ag Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21085/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis.
Faoin socrú reatha agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord. Faoi réir an Achta, agus i gcomhréir le cleachtais choitianta i ndáil le boird stáit, roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús le hathbhreithniú faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais chomh luath agus is féidir agus tá obair ina leith idir lámha chuige sin. Sa chomhthéacs seo, ag brath ar thorthaí an athbhreithnithe seo, tá i gceist ag an Rialtas Bille a thabhairt chun cinn ar mhaithe le toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais.
No comments