Written answers

Wednesday, 21 April 2021

Department of Communications, Climate Action and Environment

Gníomhú ar son na hAeráide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

278. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment an bhfuil aon obair fiosrúcháin nó pleanáil déanta ag a Roinn mar gheall ar an tionchar is féidir a bheith ag an athrú aeráide ar an nGaeltacht, agus mura bhfuil go fóill, an mbeadh sé sásta tabhairt faoin obair sin go luath. [20236/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

279. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment an bhfuil aon obair fiosrúcháin nó pleanáil déanta ag a Roinn mar gheall ar an tionchar is féidir a bheith ag an athrú aeráide ar an nGaeilge mar theanga sa tsochaí, agus mura bhfuil go fóill, an mbeadh sé sásta tabhairt faoin obair sin go luath. [20238/21]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 278 and 279 together. Molaim ceisteanna Uimh. 278 agus 279 a fhreagairt le chéile

Tá an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach as ceisteanna maidir le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge mar theanga soisiala.Chomh maith le sin níl feidhm reachtúil agam maidir leis an nGaeltacht.

Sonraítear sa Chreat Oiriúnaithe Náisiúnta,a foilsíodh in Eanair 2018 an straitéis náisiúnta chun bearta oiriúnaithe a chur i bhfeidhm in earnálacha difriúla agus ag údaráis áitiúla ina limistéir riaracháin chun leochaileacht an Stáit a laghdú i leith éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus tairbhe a bhaint as aon tionchair dhearfacha a d’fhéadfadh eascairt as. Sonraítear sa Chreat Oiriúnaithe Náisiúnta an comhthéacs chun a chinntiú gur féidir le húdaráis áitiúla, réigiúin agus príomhearnálacha na príomhrioscaí agus leochaileachtaí a bhaineann le hathrú aeráide a mheasúnú, gníomhartha chun seasmhacht ó thaobh aeráide a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go mbíonn tosca oiriúnaithe aeráide ina ndlúthchuid den déanamh beartas ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Faoin gCreat agus faoin Acht um Ghníomhaíocht Aeráide agus Forbairt Carbóin Ísil, 2015 d’fhoilsigh 6 Ranna Rialtais atá freagrach as 12 earnálacha tosaíochta, pleananna oiriúnaithe earnála i Mí Deireach Fómhair 2021.Chomh maith le seo, d’ullmhaigh gach údarás aítiúla sa tír straitéisí áitiúla oiriúnaithe. Is ceist do na ranna and húdaráis cuí iad cur i bhfeidhm na pleananna agus stráitéisí seo.Tá na pleananna agus stráitéisí uilig foilsithe ar an idirlíon.

Faoin gCreat ní mór do gach Roinn, fiú ranna nach n-éilítear orthu plean a ullmhú faoin gCreat seo, sampla a thabhairt agus ullmhú do thionchar athrú aeráide trína chinneadh conas oiriúnú d’athrú aeráide a chomhtháthú i mbeartais agus i mbearta ábhartha laistigh dá dtéarmaí tagartha.

Tá tuilleadh eolas maidir le héifeachtaí an athrú aeráide ar Éireann ar fail ar an suiómh Climate Ireland  www.climateireland.ie agus tá eolas maidir le taighde críochnaithe nó atá faoi bhun maidir leis an athrú aeráide ar fail ag:

.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.