Written answers
Wednesday, 21 April 2021
Department of Education and Skills
Caiteachas Ranna
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1357. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad airgead atá á chaitheamh ag a Roinn le cúrsaí trí Ghaeilge a sholáthar ag an tríú leibhéal, nach mbaineann leis an nGaeilge mar ábhar nó leis an múinteoireacht, ar nós Dlí, Eolaíochta, Gnó, agus cé mhéad mac léinn timpeall na tíre atá sna cúrsaí seo. [20771/21]
Simon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanann mo Roinn maoiniú athfhillteach a dháileadh ar an Údarás um Ard-Oideachais (ÚAO) don íocaíocht amach go díreach chuig institiúidí ardoideachais ainmnithe an ÚAO. Déanann an ÚAO an maoiniú seo a dháileadh mar bhlocdheontas chuig na hinstitiúidí. Mar chomhlachtaí uathrialacha, baineann íocaíocht amach an mhaoinithe seo, lena n-áirítear aon chaiteachas ar na míreanna a cheistigh an Teachta, leis an institiúid aonair.
Ina theannta sin, mar is dócha gur eol don Teachta, tá tacaíocht shonrach d’fhorbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG) san áireamh sa leithdháileadh foriomlán, d’aontaigh an Roinn leithdháileadh €900,000 a sholáthar do na blianta acadúla 2019/20 agus 2020/21.
No comments