Written answers

Wednesday, 21 April 2021

Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth

Seirbhísí Cúram Leanaí

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1257. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth cén fáth gur mhol a Roinn do sholáthraí seirbhísí cúraim leanaí Gaeilge ráiteas físe trí Bhéarla amháin ón Aire ar an 12 Aibreán 2021 a scaipeadh ar fhoireann na seirbhíse agus teaghlaigh Ghaeltachta a bhaineann úsáid as an tseirbhís; cén fáth nár cuireadh fotheidil Ghaeilge leis an bhfíseán a fhad is a cuireadh fotheidil Bhéarla leis chun freastal ar phobal labhartha na Gaeilge; agus an admhaíonn sé go raibh an moladh agus an teachtaireacht seo ag brú Béarla ar mhuintir na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge. [20410/21]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann mo Roinn a dícheall na seirbhísí luathfhoghlama agus cúram leanaí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge a éascú agus a thacú. Creidim gur rud an-luachmhar é tacaíocht a thabhairt don soláthar seirbhísí trí Ghaeilge do leanaí óga. Tá ról tábhachtach ag na naíonraí agus na naíolanna anseo freisin, go háirithe ó thaobh Gaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo.

Cé nach féidir gach acmhainn a chur ar fáil i nGaeilge, bíonn mo Roinn i gcónaí ag iarraidh an oiread ábhar agus is féidir a chur ar fáil go dátheangach. Mar shampla, nuair a tharla an dúnadh san earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige de bharr phaindéim Covid-19 bhí an Roinn i dteagmháil le heagraíochtaí Gaeilge agus cuireadh acmhainní suntasacha ar fáil ar líne do thuismitheoirí, do sholáthraithe agus do chleachtóirí san earnáil. Bhí na hábhair seo ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Le déanaí ó thaobh athoscailt na seirbhísí a tharla i mí an Mhárta 2021, cuireadh póstaeir agus físeáin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla mar threoir do na seirbhísí, agus cuireadh an “Mol Réamhscoile sa Bhaile” ar shuíomh Na Chéad 5 ar fáil i nGaeilge.

Tuigeann mo Roinn an ról tábhachtach a bhaineann le hoideachas luathbhlianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus mar gheall air sin tá mo Roinn tiomanta tacaíocht a thabhairt do na seirbhísí a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Leanfaidh mo Roinn ag déanamh a dícheall chun feabhas a chur ar na hábhair atá ar fáil i nGaeilge agus chun cur leo ag an am céanna, agus i gcónaí bíonn an Roinn ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge ina thaobh seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1258. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth an bhfuil aon bheartas nó comhghnás cumarsáide ag a Roinn chun a chinntiú go ndéanfaidh aon chumarsáid óna Roinn freastal ar phobal labhartha Gaeilge agus soláthraí seirbhísí cúraim leanaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge. [20411/21]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann mo Roinn a dícheall na seirbhísí luathfhoghlama agus cúram leanaí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge a éascú agus a thacú. Creidim gur rud an-luachmhar é tacaíocht a thabhairt don soláthar seirbhísí trí Ghaeilge do leanaí óga. Tá ról tábhachtach ag na naíonraí agus na naíolanna anseo freisin, go háirithe ó thaobh Gaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo.

Cé nach féidir gach acmhainn a chur ar fáil i nGaeilge, bíonn mo Roinn i gcónaí ag iarraidh an oiread ábhar agus is féidir a chur ar fáil go dátheangach. Mar shampla, nuair a tharla an dúnadh san earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige de bharr phaindéim Covid-19 bhí an Roinn i dteagmháil le heagraíochtaí Gaeilge agus cuireadh acmhainní suntasacha ar fáil ar líne do thuismitheoirí, do sholáthraithe agus do chleachtóirí san earnáil. Bhí na hábhair seo ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Le déanaí ó thaobh athoscailt na seirbhísí a tharla i mí an Mhárta 2021, cuireadh póstaeir agus físeáin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla mar threoir do na seirbhísí, agus cuireadh an “Mol Réamhscoile sa Bhaile” ar shuíomh Na Chéad 5 ar fáil i nGaeilge.

Tuigeann mo Roinn an ról tábhachtach a bhaineann le hoideachas luathbhlianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus mar gheall air sin tá mo Roinn tiomanta tacaíocht a thabhairt do na seirbhísí a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Leanfaidh mo Roinn ag déanamh a dícheall chun feabhas a chur ar na hábhair atá ar fáil i nGaeilge agus chun cur leo ag an am céanna, agus i gcónaí bíonn an Roinn ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge ina thaobh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.