Written answers

Wednesday, 21 April 2021

Department of Education and Skills

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1016. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist aici Bord Oideachais agus Oiliúna faoi leith a chur ar bun a dhéanadh freastal ar scoileanna agus ionaid oiliúna eile atá ag feidhmiú nó ag teagasc trí Ghaeilge agus atá faoi bhoird éagsula Oideachais agus Oiliúna faoi láthair ar fud an stáit le cinntiú go mbeadh na tacaíochtaí cuí ar fáil do na scoileanna seo trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19235/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh a fhios ag an Teachta gurb é an tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013 an creat reachtúil faoinar bunaíodh Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOnna). Foráladh le hAcht 2013 go mbunófaí 16 BOO in ionad na 33 Coiste Gairmoideachais a bhí i bhfeidhm roimhe seo. Faoin Acht, tá feidhmeanna reachtúla áirithe ag gach ceann de na 16 BOO lena n-áirítear feidhmeanna a bhaineann le pleanáil, soláthar agus comhordú oideachais agus oiliúna laistigh dá réimse feidhme áirithe féin. Níl aon fhoráil sa reachtaíocht sin a ligfeadh do bhunú BOO breise cibé acu chun na gcríoch a mhol an Teachta nó ar aon bhealach eile.

Maidir le tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna agus ionaid oiliúna BOO, tá réimse leathan beart i bhfeidhm ag mo Roinn chun tacú le gach scoil agus ionad oiliúna atá ag múineadh nó ag feidhmiú trí Ghaeilge. Áirítear an méid a leanas ina measc sin:

- Is straitéis uile-rialtais don Ghaeilge í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018 – 2020 a ghabhann léi a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le forbairt agus caomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Clúdaítear Oideachas i gCaibidil 1 agus tá 48 gníomhaíocht luaite ann, cuid acu atá tugtha chun críche agus cuid eile atá faoi lán seoil.

- Maidir le curaclam na Gaeilge, tugadh Curaclam Teanga Bunscoile nua isteach le tacaíocht ó chlár cuimsitheach FGL do Mhúinteoirí.

- Ag an tSraith Shóisearach, tá dhá shiollabas ann anois. I nGaelscoileanna is í an Ghaeilge teanga oibre na scoile agus múintear Gaeilge T1 mar ábhar iontu. I scoileanna Béarla, is é an Béarla teanga oibre na scoile agus múintear Gaeilge T2 mar ábhar iontu. Tógann na siollabais sin ar an bhforbairt teanga a tharlaíonn ar leibhéal na bunscoile. Déantar stór focal an fhoghlaimeora agus gach scil teanga a forbraíodh roimhe sin (éisteacht, labhairt, léamh, idirghníomhaíocht chainte agus scríbhneoireacht) a threisiú agus a fheabhsú. Cuirtear béim ar fheasacht a chothú agus a fhorbairt: feasacht teanga, feasacht chultúrtha chomh maith le féinfheasacht an dalta mar fhoghlaimeoir teanga.

- Chomh maith le hathbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag athfhorbairt churaclam na Gaeilge faoi láthair ar leibhéal na Sraithe Sinsearaí agus d’fhoilsigh sí dréacht-sonraíochtaí athbhreithnithe le déanaí le haghaidh comhairliúcháin phoiblí a fhanfaidh ar oscailt go dtí an 31úLúnasa 2021:

- Bunaíodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), faoi Airteagal 31 den Acht Oideachais 1998 chun freastal ar riachtanais oideachais scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Tá feidhmeanna in Airteagal 31 freisin maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile.

- Tá Aonad Oideachais na Gaeltachta i mo Roinnse freagrach as maoirseacht agus tacú le cur chun feidhme céimnithe an Bheartais ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Is é príomhaidhm an Bheartais um Oideachas Gaeltachta 2017-2022 soláthar an oideachais a neartú trí mheán na Gaeilge i réimsí pleanála teanga na Gaeltachta. Ó cuireadh tús le cur chun feidhme an Bheartais in 2017, tá maoiniú breise de thart ar €14m curtha ar fáil chun gníomhaíochtaí an bheartais a chur chun feidhme.

- Cuireann mo Roinn, trína seirbhísí tacaíochta, forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) ardchaighdeáin agus ábhartha ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i réimsí éagsúla oideolaíochta, curaclaim, ceannaireachta agus oideachais. Soláthraítear na seirbhísí tacaíochta scoile chomh maith le príomhthacaíochtaí FGL do scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

- De réir bheartas an Rialtais chun tacú leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge, tá socrú ann le fada trínar féidir suas le 10% d’áiteanna ar an gclár Céime Baitsiléir Oideachais (B.Oid) don bhunscolaíocht sna ceithre hInstitiúid Ardoideachais bunscolaíochta atá maoinithe ag an stát a chur in áirithe d’iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu i nGaeltacht oifigiúil ainmnithe agus arb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga. Le cáiliú mar iarratasóir Gaeltachta caithfidh duine a bheith ina c(h)ónaí i gceantar Gaeltachta oifigiúil, ainmnithe go hoifigiúil, agus ní mór a dhearbhú gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga an bhaile.

- Is é príomhaidhm an Bheartais ar Oideachas Gaeltachta (2017-2022) soláthar múinteoirí nua-cháilithe a bhfuil an inniúlacht acu oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna, go háirithe i suíomhanna scoile Gaeltachta, a mhéadú. Chun oibriú i dtreo an aidhm sin a bhaint amach, d’fhógair mo Roinn go seachadfar dhá chlár nua oideachais do mhúinteoirí trí mheán na Gaeilge lena n-áirítear B.Oid. trí mheán na Gaeilge, Clár Tosaigh um Oideachas Múinteoirí (bunscolaíocht) agus Máistreacht san Oideachas trí mheán na Gaeilge agus san Oideachas Gaeltachta, a sheachadfaidh suas le 60 áit nua d’Oideachas Múinteoirí trí Ghaeilge gach bliain.

Mar a léirítear sa réimse beart atá leagtha amach, tá mo Roinn tiomanta go hiomlán chun tacaíocht a thabhairt do riachtanais na scoileanna agus na n-ionad oiliúna go léir atá ag múineadh nó ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.