Written answers

Wednesday, 21 April 2021

Department of Education and Skills

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

938. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach raibh leagan Gaeilge den Return to Educational Facility Parental Declaration Form, 78 focal san iomlán, a d’eisigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ar fáil do thuismitheoirí mac léinn a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge, go háirithe os rud é gurbh éigean an fhoirm a bheith líonta acu dá bpáistí sula dtabharfaí cead dóibh filleadh ar an scoil le linn na dianghlasála leibhéal 5 is déanaí, agus an nglacann sé leis go bhfuil dualgas air agus ar FSS leaganacha Gaeilge d’fhoirmeacha den sórt sin a chur ar fáil go huathoibríoch, agus nach cóir go mbeadh ar phríomhoidí nó ar thuismitheoirí dul á lorg nó iad a aistriú. [18407/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tréimhse dhúshlánach a bhí ann do gach duine a bhí bainteach leis an obair lena chinntiú go leanann scoileanna ar aghaidh ag feidhmiú ar bhealach sábháilte agus inbhuanaithe. Tá obair fós ag dul ar aghaidh sa réimse seo de réir mar a fhorbraíonn nádúr an dúshláin agus an t-oibriú ar réitigh diaidh ar ndiaidh i gcomhréir leis an gcineál comhairle sláinte phoiblí atá ag athrú. Is gnáthnós agus gnáthchleachtas é go ndéantar doiciméid a fhoilsiú as Gaeilge agus as Béarla ag an am céanna agus tá mo Roinn go mór ar an eolas faoinár ndualgais maidir leis seo agus oibríonn sí chun cásanna a sheachaint dá bhfuil tagairt déanta ag an Teachta.

Tá an doiciméad aistrithe a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó ar fáil ag an nasc .

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.