Written answers

Wednesday, 21 April 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

664. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgead atá á chaitheamh ag a Roinn le cúrsaí trí Ghaeilge a sholáthar ag an tríú leibhéal, nach mbaineann leis an nGaeilge mar ábhar nó leis an múinteoireacht, ar nós Dlí, Eolaíochta, Gnó, agus cé mhéad mac léinn timpeall na tíre atá sna cúrsaí seo. [20770/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge a mhaoiniú ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin ó 2006 mar fhreagra ar an riachtanas sainaitheanta go méadófaí líon na gcéimithe le scileanna i réimsí sonracha i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Faoin tionscnamh seo, cuirtear réimse cúrsaí Gaeilge, m.sh aistriúcháin, ateangaireachta agus dlí ar fáil agus dá bharr seo, tá soláthair daoine cáilithe le scileanna Gaeilge chun freastal ar riachtanais earcaíochta in Éirinn agus san AE.

Sa bhliain acadúla 2019/20, íocadh amach maoiniú de €935,564 i leith an dá cheann déag de chursaí atá á maoiniú faoin Tionscnamh Ard-Scileanna Gaeilge agus bronnadh cáilíochtaí ar 86 mac léinn ag deireadh na bliana acadúla céanna. Tá na cúrsaí á reáchtáil arís i mbliana le maoiniú de €970,953 atá á chur ar fáil ag an Roinn ina leith.

In éindí leis an gciste faoi leith thuasluaite níor mhiste a nótáil chomh maith go bhfuil cúnamh reatha ar fiú €900,000 in aghaidh na bliana á chur ar fáil chomh maith ag an an Roinn Roinn d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi scáth na hollscoile ar mhaithe le cur le seachadach soláthar cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ar trí champas Gaeltachta de chuid na hollscoile atá suite i nGaoth Dobhair, Carna agus ar an gCeathrú Rua. De thoradh an chúnaimh seo atá mar chuid de chlár maoinithe trí bliana atá comhaontaithe ag an Roinn leis an ollscoil, tugtar an deis do thuairim is c. 2,700 mac léinn freastal ar raon leathan cúrsaí de chuid na hollscoile a eagraítear ar na campais Ghaeltachta seo gach bliain.

Chomh maith leis seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do na cúrsaí seo a leanas, i gcomhpháirtíocht leis na hInstitiúidí Triú Leibhéal:

- cúrsa Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann Leibhéal 8) / MSc (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann Leibhéal 9) atá á riaradh ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe Mhaigh Eo i gcomhpháirt leis an gcomhlacht aistriúcháin Gaeltachta, Europus.

- cúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meáin Dhigiteacha (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann Leibhéal 8) le Institiúid Phort Láirge i gcomhar leis an gcomhlacht léirithe teilifíse Gaeltachta, Nemeton.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.