Written answers

Wednesday, 21 April 2021

Department of Public Expenditure and Reform

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

572. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an bhfuil na hacmhainní ar fáil le go mbíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) in ann glacadh le hiarratais i nGaeilge do phoist sa tseirbhís phoiblí a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge mar cheann de na coinníollacha do na poist; an eagraítear na scrúduithe agus na hagallaimh trí Ghaeilge sa chás seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20182/21]

Photo of Michael McGrathMichael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) an príomh-earcaitheoir le haghaidh ceapachán don státseirbhís.

Soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ag an SCP

Soláthraíonn SCP seirbhísí, trí Ghaeilge, do chainteoirí Gaeilge a dhéanann teagmháil leis an oifig. Tá socruithe daingne i bhfeidhm chun baill den phobal a chur i dteagmháil, gan mórán moille, le ball foirne iomchuí atá in ann aghaidh a thabhairt ar a bhfiosrú, bíodh sé i nGaeilge nó i mBéarla.

In 2020, d’earcaigh SCP Aistritheoir a bhfuil freagracht air laistigh den SCP as gach aistriúchán agus cumarsáid i nGaeilge.

Is ar shuíomh gréasáin SCPpublicjobs.ieatá an príomhbhealach chun seirbhísí earcaíochta le haghaidh earcaíochta státseirbhíse a bhainistiú agus a sheachadadh. Tá feidhm ionsuite ag an suíomh gréasáin trínar féidir leis an iarrthóir a roghnú go léireofaí an t-ábhar i nGaeilge nó i mBéarla. Tá leagan Gaeilge an tsuímh ghréasáin dinimiciúil agus fógraítear poist nua i mBéarla agus i nGaeilge. Tá sé sin ar fáil, agus leanfaidh sé de bheith ar fáil d’iarrthóirí sa Teanga Oifigiúil dá rogha féin.

Tá an tSaoráid um Chlárú Iarrthóirí ar líne i bhfeidhm sa dá Theanga Oifigiúla agus cuirtear Teideal an Phoist, Tuairisc Poist agus Foirm Iarratais ar fáil sa dá Theanga Oifigiúla le linn na tréimhse iarratais.

Earcaíocht agus Roghnúchán

Tá SCP freagrach as iarrthóirí a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a earcú agus a roghnú chun freastal ar riachtanais fhostóirí na státseirbhíse. Is croíchuspóir beartais an Rialtais é úsáid na Gaeilge mar a luaitear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus tá infhaighteacht foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státseirbhís fós ina cuid thábhachtach den bheartas sin.

Ó 2013 i leith, ag eascairt as cinneadh an Rialtais chun deireadh a chur le marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais earcaíochta agus roghnúcháin na státseirbhíse, tá cur chuige bunaithe ar inniúlacht glactha ag SCP maidir le hearcú daoine dátheangacha sa státseirbhís.

I dtús báire bhí inniúlacht sa Ghaeilge mar shruth ar leithligh do chomórtais earcaíochta seirbhíse ginearálta ag SCP. Le déanaí, reáchtáladh comórtais neamhspleácha chun painéil a chur ar bun do ghráid iontrála agus reáchtáladh gach céim de na próisis roghnúcháin trí Ghaeilge. Áiríodh leis sin comórtas d’Oifigeach Cléireachais a cuireadh i gcrích in 2018 agus Comórtas d’Oifigeach Feidhmiúcháin a cuireadh i gcrích in 2020 d’iarrthóirí a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Maidir leis na comórtais sin, tá Comhaltaí Boird agus measúnóirí inniúla a bhfuil taithí acu ar fáil do SCP atá in ann céimeanna éagsúla de na próisis roghnúcháin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.