Written answers

Thursday, 1 April 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Meath na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

127. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an admhódh sí go bhfuil géarchéim sochtheangeolaíochta ann sa Ghaeltacht. [17764/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht tras­Rannach ag an Straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm, dá réir, le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is í mo Roinn atá freagrach as cur chun feidhme na Straitéise a chomhordú.

Tá raon moltaí atá á gcur i bhfeidhm i láthair na huaire sa Straitéis a bhaineann leis na naoi réimse seo a leanas: Oideachas; an Ghaeltacht; an Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh - Idirghabháil go Luath; Riarachán; Seirbhísí agus Pobal; na Meáin agus an Teicneolaíocht; Foclóirí; Reachtaíocht agus Stádas; Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 5 bliana don Ghaeilge, a thacaíonn le cur i bhfeidhm na Straitéise, os cionn 180 beart a chuirfidh tuairim is 60 páirtí leasmhar i bhfeidhm thar tréimhse cúig bliana, ar mhaithe le forfheidhmiú na Straitéise agus ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá réir. Is í mo Roinn atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bPlean. Tá an dara tuairisc bhliantúil maidir lena chur i bhfeidhm á ullmhú faoi láthair agus súil é a fhoilsiú go luath. Táim ag súil go mbeidh sé le sonrú sa tuairisc sin nuair atá sé foilsithe go bhfuil gníomhaíochtaí an Phlean ag tacú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, in ainneoin tionchar na paindéime ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Is fiú dom a luadh gur tháinig ardú suntasach de €14.8m ar an leithdháileadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá san áireamh i mbuiséad 2021. Fágann sé seo go bhfuil breis is €78m san iomlán á gcur ar fáil ag mo Roinn sa bhliain reatha mar thacaíocht don Ghaeilge.

Ar ndóigh, tá obair shuntasach ar siúl ag mo Roinn i dtaca le caomhnú agus treisiú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go deimhin, lasmuigh de. Tá seo á dhéanamh trí raon beartais, scéimeanna agus tionscnaimh atá á mhaoiniú agus á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn. Luafainn go sonrach roinnt bearta ábhartha:

An Próiseas Pleanála Teanga

Tá an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta, 2012. Faoin bpróiseas, tá deis á tabhairt do phobal na Gaeltachta, mar aon le pobail na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge, pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ar bhonn áitiúil. Cuirtear tacaíocht leanúnach thar thréimhse 7 mbliana ar fáil d’aon phlean teanga a cheadaítear faoin bpróiseas. Tá borradh tagtha ar an bpleanáil teanga le roinnt blianta anuas agus 21 limistéar pleanála teanga ceadaithe agus i mbun oibre. Tá 22 Oifigeach Phleanála Teanga agus Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga ceaptha chun a phleananna teanga a chur i bhfeidhm ina gceantair áitiúla. Ina theannta sin, tá dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a thacóidh leis an nGaeilge sa Ghaeltacht ceadaithe freisin.

Tá an Roinn ag tacú le Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht ar leith a chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga freisin. San iomlán, tá maoiniú suas le €5m ar fáil ó mo Roinn don phleanáil teanga sa bhliain reatha.

An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Tá suas le €10.2m le caitheamh ag mo Roinn faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga in 2021. Le maoiniú ón gclár seo cuirtear tacaíocht reatha agus chaipitil ar fáil do thionscadail agus d’eagraíochtaí Gaeltachta, i gcomhréir leis na bearta ábhartha atá sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus le tacú ar an iomlán leis an Straitéis 20-Bliain agus an próiseas pleanála Teanga.

Údarás na Gaeltachta

Mar chuid de chaináisnéis 2021 tá cistíocht bhreise ar fiú beagnach €4.5m ceadaithe don Údarás sa bhliain reatha faoin gciste caipitil - rud a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de bheagnach €14.5m ar fáil don Údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta.

Lena chois sin tá soláthar méadaithe de €700,000 fógartha i dtreo buiséad maoinithe na gComharchumann agus Coistí Forbartha Pobail Gaeltachta atá faoina stiúir mar fhoras stáit - rud a chiallaíonn go bhfuil buiséad iomlán de €4.75m dó seo sa bhliain reatha.

Cuideoidh an t-ardú suntasach atá curtha ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha leis an eagraíocht cur lena cuid gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Is cinnte go bhfuil dúshláin againn sa Ghaeltacht ach creidim gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Sa tréimhse amach romhainn, beidh an Rialtas seo, agus mo Roinnse ag obair go dícheallach leis na pairtnéirí go léir, ag leibhéal an stáit agus an phobail chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an Plean Gníomhachta agus an phróiseas pleanála teanga araon a chur i gcrích.

Cé go n-aithním, mar atá ráite, go bhfuil an teanga faoi bhrú, tá gach rud á dhéanamh ag an Rialtas seo chun í a neartú agus a fheabhsú ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.