Written answers

Thursday, 1 April 2021

Department of Transport, Tourism and Sport

Seirbhísí Dátheangacha

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

50. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén fáth nach bhfuil leagan dátheangach ag a Roinn don mhana agus lógó Transport for Ireland agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17853/21]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as a chuid ceisteanna.

Mar Aire Iompair, tá freagracht orm as beartas agus maoiniú foriomlán maidir le hiompar poiblí. Níl baint agam, áfach, le hoibríochtaí iompair phoiblí ó lá go lá.

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) a bhainistíonn láithreán gréasáin Transport for Ireland (TfI). Dá bhrí sin, is faoin NTA atá na saincheisteanna a ardaíodh, agus chuir mé ceisteanna an Teachta ar aghaidh chuig an NTA le haghaidh freagra díreach. Cuir in iúl do m'oifig phríobháideach mura bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre.

Tá an Roinn ag obair faoi láthair ar nuashonrú á ról don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus beidh sé ar fáil le breathnú ar ár suíomh gréasáin go gairid. Tá cóip den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar fáil i nGaeilge anois ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.