Written answers

Thursday, 1 April 2021

Department of Rural and Community Development

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

411. To ask the Minister for Rural and Community Development cén dul chun cinn atá déanta maidir le síneadh a chur le céibh Inis Oírr; cén uair atá súil ag a Roinn le tairiscintí a lorg don obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17851/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta is iad Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach as Cé Inis Oírr agus is iadsan a bheidh ag tabhairt faoi aon phróiseas tairisceana. Tá mo Roinn agus an Comhairle Chontae ag obair le chéile le tamall chun an cás gnó maidir leis an bhforbairt a thabhairt chun críche.

Pléadh an cás gnó ag cruinniú don ghrúpa ard-bhainistíochta na Roinne an t-seachtain seo, agus tá i gceist agam a gcuid tuairimí maidir leis an gcás a mheas i ndiaidh briseadh na Cásca.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

412. To ask the Minister for Rural and Community Development cén dul chun cinn atá déanta ar fhorbairt na céibhe in Inis Meáin; cén uair atá súil ag a Roinn go n-aontófar dearadh don obair sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17852/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá teagmháil rialta idir oifigigh na Roinne agus oifigigh an Chomhairle Contae chun forbairt an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, a phlé.

I 2020 chuir mo Roinn maoiniú ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe, chun ionsamhlú den chéibh a choimisiniú ón gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann - National Maritime College Ireland (NMCI).

Tuigtear dom nach raibh rochtain ar an áis NMCI ag an Comhairle Contae fós de bharr na srianta ag eascairt as COVID-19. Faoi láthair tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag plé leis an NMCI faoi bhealaí chun an obair a chur chun cinn agus chun deis a thabhairt do ionadaithe ón oileán a bheith páirteach, ag cur san áireamh na treorlínnte maidir le sláinte poiblí agus srianta taistil.

Nuair a bheidh an chuid seo don togra curtha chun gcríoch beidhfear ábalta dul ar aghaidh leis an chéad chuid eile d'fhorbairt na céibhe ar a n-áirítear an dearadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.