Written answers

Wednesday, 24 March 2021

Department of Rural and Community Development

Na hOileáin amach ón gCósta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2076. To ask the Minister for Rural and Community Development cén ról atá ag Údarás na Gaeltachta i gcur i ngníomh bheartais a Roinne maidir leis na hoileáin agus an bhfuil teagmháil leanúnach ann idir a Roinn agus an t-Údarás. [15048/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta is oileáin Ghaeltachta roinnt do na hoileáin a thagann faoi mo chúram. Tá comhoibriú leanúnach idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta i dtaobh riar leathan seirbhísí a chuirtear ar fáil ar na hoileáin.  

Tá ról lárnach ag na comharchumainn oileánda, atá maoinithe ag an Údarás, ag déanamh ionadaíocht ar son na hoileáin chun seirbhísí éagsúla a lorg.  I gcás na aerstáicí ar na hOileáin Árann tá úinéaracht na maoin seo faoin Údarás freisin. 

Aithníonn mo Roinn an ról tábhachtach atá ag an Údarás, agus gur ceann do na príomhghealsealbhírí in ullmhú Polasaí Oileánda nua iad.  Sa chomhthéacs sin, beidh mo Roinn ag socrú cruinniú déthaobhach leo chun ionchur an tÚdarás a fháil ina leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.