Written answers
Wednesday, 3 March 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Covid-19 Paindéim
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
269. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ráiteas a dhéanamh mar gheall ar fhoilsiú an doiciméad Recovery and Renewal: The Path Ahead, ina leagtar amach tograí beartais phoiblí, go haonteangach as Béarla amháin i gcomhthéacs an freagra a thug sí ar mo cheisteanna parlaiminte uimhir 218 agus 219 ar an 17 Feabhra 2021, agus an ndearna sí aon iarracht a chinntiú go mbeadh an doiciméad foilsithe go comhuaineach sa dá teanga oifigiúil de réir alt 10(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. [11495/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dualgais dhíreacha ar gach comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn eolas atá á thabhairt don phobal i gcoitinne (nó d’aicme den phobal), is iad sin:
- Alt 9(3) den Acht : I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.
- Alt 10(a) den Acht : Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:
- aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí.
Tuigfidh an Teachta gur gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire ann.
No comments