Written answers

Thursday, 25 February 2021

Department of Education and Skills

Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

171. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth a bhfuil táille €650 ar chúrsa coicíse Gaeilge do mhic léinn atá ag déanamh an chúrsa ar a dtugtar an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunscoil) (PMEP) nuair nach raibh ach €750 ar an gcúrsa céanna nuair is cúrsa conaitheach Gaeltachta a bhí ann; an bhfuil i gceist athbhreithniú a dhéanamh air seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10806/21]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Comhlíontar na ceanglais reatha le haghaidh Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht faoi chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí bunscoile i bhfoirm dhá cheann de shocrúcháin dhá sheachtain, mar atá leagtha amach sa doiciméad Céim: Caighdeáin maidir le hOideachas Tosaigh Múinteoirí ón gComhairle Mhúinteoireachta.

De bharr srianta sláinte poiblí, cuireadh ar atráth roinnt Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht a bhí le cur i gcrích sa bhliain 2020. Ina theannta sin, de bharr éiginnteachta maidir leis an dóigh a seolfaí Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht, cuireadh aon socrúcháin a bhí sceidealaithe ar an méar fhada don bhliain acadúil 2020/2021.

Le tamall anuas, tá mo Roinn ag obair le geallsealbhóirí – an Chomhairle Mhúinteoireachta, na hInstitiúidí Ardoideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus CONCOS (an bratchomhlacht le haghaidh Coláistí Gaeltachta) ina measc – chun socruithe teagmhasacha a fhorbairt ionas go bhféadfaí Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht a chur i gcrích sa bhliain acadúil reatha. Táthar tar éis teacht ar chomhaontú chun leagan ar líne den chúrsa a sholáthar sa bhliain 2021.

A bhuí leis na pleananna teagmhasacha sin, beifear in ann gach socrúchán a dhéanamh i mbliana, idir iad sin a bhaineann leis an mbliain acadúil 2020/21 agus iad sin a cuireadh ar atráth sa bhliain 2020. Cinnteoidh sé sin freisin go mbeidh deis ag mic léinn sa bhliain dheireanach céim a bhaint amach i samhradh na bliana 2021, faoi mar atá sceidealaithe.

Rinneadh soláthar i mBuiséad 2020 do dheontas a thabhairt ar ais, le héifeacht ón mbliain acadúil 2020/2021, chun an costas iomlán ar Thréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht a chumhdach do mhic léinn fochéime agus iarchéime atá ag gabháil do chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí bunscoile atá á gcistiú ag an Stát. Chistigh mo Roinn an deontas roimhe seo suas go dtí an bhliain acadúil 2012/2013, tráth a scoireadh den deontas a íoc de bharr srianta airgeadais. Is é €650 an meánráta a socraíodh don deontas mac léinn sin don bhliain 2021. Cumhdóidh sé sin an costas ar an gcúrsa dhá sheachtain ar líne a dhéanamh sa bhliain 2021. Cuirfear an deontas ar fáil do mhic léinn fochéime agus iarchéime atá ag gabháil do chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí bunscoile atá á gcistiú ag an Stát.

Tuigtear gur tharla sé, le blianta beaga anuas, gur íoc mic léinn meánchostas €750 as Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht a chur isteach ar feadh tréimhse dhá sheachtain. Ba é sin an meánchostas a bhí i bhfeidhm le blianta fada agus áiríodh leis ranníocaíocht chun cumhdach a dhéanamh ar na costais chóiríochta a bhain le freastal ar an gcúrsa sa Ghaeltacht. Cé nach dtagann aon chostais chóiríochta chun cinn i mbliana, glactar leis go bhfuil roinnt costas breise le híoc ag soláthraithe Coláistí Gaeltachta maidir le clár nua ar líne a ullmhú, a dhearadh agus a sholáthar. Ba cheart a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, maidir le húinéirí tí sa Ghaeltacht a sholáthraíonn cóiríocht do mhúinteoirí faoi oiliúint atá ag freastal ar chúrsaí aitheanta i réigiúin Ghaeltachta, go gcáilíonn siad i ngnáth-imthosca freisin do dheontas laethúil €10 in aghaidh na hoíche faoi théarmaí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, rud a riarann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá sé mar aidhm chomhroinnte ag na geallsealbhóirí uile lena mbaineann go bhfaigheadh mic léinn clár ardchaighdeáin ar líne. Tá na hInstitiúidí Ardoideachais ag obair go díreach lena soláthraithe Coláistí Gaeltachta faoi láthair chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na socruithe praiticiúla agus riaracháin le haghaidh an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht a sholáthar.

Rinneadh lamháltas do mhic léinn atá sa dara bliain den Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas. Maidir leis na mic léinn dara bliain sin nach bhfuil aon Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht curtha isteach acu go fóill, cuirfidh siad clár 3 seachtaine ar líne i gcrích anois (ceanglaíodh orthu roimhe seo clár 4 seachtaine a chur i gcrích). Maidir leis na mic léinn dara bliain sin a bhfuil cuid den Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht curtha isteach acu, ceanglófar orthu anois an tréimhse ama atá fágtha (suas le 3 seachtaine san iomlán) a chur i gcrích ar líne. Agus an lamháltas ar leith sin, atá ceadaithe ag Coiste Oideachais na Comhairle Múinteoireachta, á dhéanamh, aithníodh na saincheisteanna móra sceidealaithe atá roimh na mic léinn lena mbaineann i leith socrúcháin scoile, an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht agus gnáthobair chúrsa a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.