Written answers

Wednesday, 17 February 2021

Department of Housing, Planning, and Local Government

Teagasc na Gaeilge

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

291. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cé na comhairlí condae agus cathrach atá ag cur ranganna Gaeilge ar fáil dá bhfoireann agus cé acu nach bhfuil ag déanamh amhlaidh; agus an gcreideann sé gur cheart go mbeadh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil don fhoireann ag comhairlí áitiúla uile an Stáit. [8540/21]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an t-eolas seo ar fáil i mo Roinn. Bheadh an t-eolas ábhartha ar fáil ó údaráis áitiúla aonair. Níl aon fheidhm ag mo Roinn mar gheall gur ceist eagraíochta é a bhfuil ar gach údarás áitiúil plé leis.

Faoi alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, tá gach Príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe soláthair foirne agus eagraíochta atá riachtanach chun tabhairt faoi fheidhmeanna an údaráis áitiúil a bhfuil sé nó sí freagrach astu.

Foráiltear san Acht go n-ullmhaíonn comhlachtaí poiblí scéim teanga ina sonraítear na seirbhísí a sholáthróidh siad:

- trí mheán na Gaeilge

- trí mheán an Bhéarla, agus

- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla

Tá gach údarás áitiúil tiomanta dá n-oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ullmhaíonn siad Scéim reachtúil ina sonraítear na seirbhísí i nGaeilge a bheartaíonn sé a sholáthar don phobal.

Spreagann mo Roinn na húdaráis áitiúla go léir páirt réamhghníomhach a ghlacadh sa phróiseas seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.