Written answers
Thursday, 11 February 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
87. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht na hionaid Gaeilge, ceannáras eagraíochta ina measc, timpeall na tíre, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a liostú i dteannta na suime airgead atá tugtha dóibh go díreach, nó go hindíreach trí chomhairlí cathrach nó contae, Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge maidir le hárachas, tógáil, atógáil, deisiúchán, maisiúchán, cóiriú nó ath-choiriú do gach bliain le 20 bliain anuas. [7665/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tugadh gealltanas sonrach i gClár an Rialtais go “ndéanfar forbairt Ionaid Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn ar mhaithe le cur chuige pobail-bhunaithe i leith chur chun cinn na Gaeilge”.
Dar ndóigh, ní dhearnadh leis an ngealltanas seo ach tógáil ar an méid a gealladh roimhe seo i leith na nIonad Gaeilge faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais 2018-2022 don Ghaeilge (gníomh 4.12 agus 4.13 go sonrach) agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 (faoi Thionscadal Éireann 2040).
Ar bhonn praiticiúil, déanann mo Roinnse tacaíocht shonrach a thabhairt d’fhorbairt Ionad Gaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht, tríd na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Clár Caipitil), le hallúntas de €2 mhilliún ann i mbliana.
Is féidir le coistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil/athchóiriú agus chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus/nó trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid.
Is é an cuspóir atá leis an gcuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí Acht na Gaeltachta 2012 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá tuilleadh eolais faoin scéim seo le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne anseo.
Maidir leis an eolas sonrach a bhí á lorg ag an Teachta sa Cheist Dála seo, ní miste a nótáil gur iondúil gur ó dháta bunaithe na Roinne nua ar féidir ceisteanna den saghas seo a fhreagairt.
É sin ráite áfach, ar mhaithe le heolas iomlánach a chur ar fáil faoin scéim shonrach a bhaineann leis na hIonaid Ghaeilge, feicfidh an Teachta go bhfuil na sonraí a iarradh ó 2018 ar aghaidh curtha ar fáil thíos - i ndáil leis na gealltanais a tugadh ó 2018 ar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027. Is íocaíochtaí iad seo a rinne an Roinn go díreach leis na heagraíochtaí seo.
Ionaid Ghaeilge faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Clár Caipitil): 2018 go dáta
Eagraíocht/Ionad Gaeilge | Méid Íoctha |
---|---|
Conradh na Gaeilge – Forbairt ar Lárionad Gaeilge i mBÁC | 2018: €22,000 (Staidéar Féidearthachta)2019: €42,500 |
Gaelphobal Thamhlachta (BÁC) | 2019: €23,290 |
Áras Chrónáin (Cluain Dolcáin, BÁC) | 2019: €31,825 |
Áras Mhic Amhlaigh (Gaillimh) | 2020: €730,938 |
Anuas ar an méid thuas, de réir fhoclaíocht na Ceiste Dála, tá tograí eile a d’fhéadfaí a aithint mar ‘Ionad Gaeilge’ nach dtagann faoin scéim thuasluaite. Tá sonraí na gceann sin a rinneadh íocaíocht leo ó mhí Mheán Fómhair 2020, go dáta - i gcomhréir le bunú oifigiúil na Roinne nua - le feiceáil sa tábla thíos. Tá siad seo uile lonnaithe laistigh den Ghaeltacht.
Tograí aitheanta eile: MF 2020 go dáta
Eagraíocht/Ionad Gaeilge | Saghas Íocaíochta | Méid Íoctha |
---|---|---|
Áras Scéal an Atlantaigh Fhiáin (Maigh Eo) | Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga | 2020: €316,000 |
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh (Gaillimh) | Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga | 2020: €110,848 |
Comhlacht Forbartha Inis Meáin – Carcair an Leacht (Gaillimh) | Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga | 2020: €14,325 (Seirbhísí Gairmiúla)2020: €77,032 |
Áislann Chill Chartha (Dún na nGall) | Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga | 2020: €2,991 |
Leis seo thíos chomh maith, tá liosta de thograí mar seo atá maoinithe ag Údarás na Gaeltachta:
Ainm/Togra | Méid Íoctha / Ceadaithe 2020 |
---|---|
Muintearas, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair | €9,700 |
Togra Ealaíona ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair | €50,000 |
Tuismitheoirí na Gaeltachta | €5,165 |
No comments