Written answers

Thursday, 11 February 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

83. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici cur i gníomh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, mar a bhaineann sé le Pleananna Teanga Contae, a phlé leis na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin sna hÚdaráis Áitiúla ina bhfuil Plean Teanga i bhfeidhm ina gceantar feidhme; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7537/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugainn Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina ndéantar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.

Le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, tógfar ar an méid atá bainte amach cheana féin agus déanfar cúrsaí a bhrú chun cinn i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú na bpleananna teanga uile i ngach ceann de na 26 limistéar pleanála teanga, chomh maith leis an bpróiseas a bheith curtha i bhfeidhm nó i mbun ullmhúcháin i ngach ceann de na 16 Bhaile Seirbhíse agus sna 3 Líonra Gaeilge atá aitheanta.

Go dáta, tá pleananna teanga ceadaithe i leith 20 LPT Gaeltachta agus á gcur i bhfeidhm. Tá pleananna teanga maidir le 5 LPT á meas ag mo Roinn faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh gach LPT ceadaithe faoi deireadh na bliana. Tá 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus i mbun oibre sna LPT sin faoi láthair.

Tá 2 Bailte Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe go dáta agus ceann eile á mheas ag mo Roinn. Tá Oifigeach Pleanála Teanga amháin fostaithe i BSG Leitir Ceanainn go dáta.

Tá pleananna teanga i leith na 3 Líonra Gaeilge ceadaithe ó Eanáir 2020.

Mar a bhaineann sé go sonrach le Pleananna Teanga Contae, bheadh súil ag mo Roinn an t-ábhar a chíoradh agus a phlé leis na hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go ndéanfaí scrúdú cuí ar na féidearthachtaí a bhainfeadh lena leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.