Written answers

Thursday, 28 January 2021

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

341. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén dul chun cinn atá déanta le trí mhí anuas maidir leis an réamhobair i dtaobh calafort domhain a fhorbairt i Ros a’Mhíl; cén uair a bhfuiltear ag súil leis an réamhobair sin ar fad a bheith críochnaithe agus cead a bheith faighte tairiscintí a lorg le haghaidh na hoibre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4820/21]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a bhfuair sé roimhe seo ar Cheist Pharlaiminte 37622/20 ar tugadh freagra ina leith an 19 Samhain 2020. Ba mhaith liom a shoiléiriú nach bhfuil aon réamhobair déanta maidir le tionscadal le haghaidh Cé Dhomhainmhara i Ros an Mhíl idir an dá linn.

Cé go bhfuil an fhéidearthacht a bhaineann le tionscadal beart domhainmhara ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl curtha chun cinn le tamall anois, mar a bhíonn i gceist le gach forbairt sna sé Lárionad Cuain Iascaigh tríd is tríd, ní dhéanfar aon chinneadh eile amach anseo i ndáil le tús a chur go foirmeálta leis an tionscadal seo ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl, faoi aon Chlár Caipitil amach anseo, a mheas ach ar an mbonn maoiniú státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíochta a bheith ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.