Written answers

Wednesday, 13 January 2021

Department of Rural and Community Development

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1197. To ask the Minister for Rural and Community Development cén uair atá sé i gceist aici go mbeidh deis ag ionadaithe ó Phobal Inis Meáin scrúdu a dhéanamh ar an obair atá déanta ar riachtanais na hoibre ar Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin ag comhairleoirí i gCorcaigh, cibé acu go fisiciúil nó go fíorúil, de bharr na práinne a bhaineann le dul ar aghaidh le hobair phleanála ar an gCé seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1368/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá teagmháil rialta idir oifigigh na Roinne agus oifigigh an Chomhairle Contae chun forbairt an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, agus an cheist sonrach seo  a phlé. 

Tuigtear dom nach raibh rochtain ar an áis NMCI ag an Comhairle Contae ná ag ionadaithe ó phobal Inis Meáin fós de bharr na srianta ag eascairt as COVID-19. 

Cé go raibh súil go mbeadh bealach éigin an t-eolas seo a chur i láthair go fíorúil, tá ráite anois nach féidir sin a dhéanamh.  Idir an dá linn, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag plé go leanúnach leis an NMCI faoi bhealaí chun an obair a bhrú chun cinn agus chun teacht ar réiteach le cinntiú go mbeidh ar a gcumas deis a thabhairt do ionadaithe ón oileán a bheith páirteach, ag cur san áireamh na treorlínnte maidir le sláinte poiblí agus srianta taistil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1198. To ask the Minister for Rural and Community Development cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na cé in Inis Oírr; an bhfuil cás gnó maidir leis an gcé curtha chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus, más amhlaidh go bhfuil, cathain a cuireadh ar aghaidh é; cad iad na staidéir a chaithfear a dhéanamh fós sula mbeidh tairiscintí á lorg don togra; cén staid ag a bhfuil na staidéir sin agus cén uair a mheastar go mbeidh siad ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1661/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair go leanúnach chun baill chríoch a chur leis an cás gnó i leith Cé Inis Oírr.  Tá leagan don chás gnó faighte ag an Roinn, ach tá ábhar forlíontach fós le theacht.  Ach é seo a bheith curtha ar fáil ag an Chomhairle Chontae, táthar ag súil go mbeadh an cháipéis chríochnúil réidh chun cur faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na míosa.

Nuair a bheidh an cás gnó faofa agus na ceadúnais chuí faighte is féidir dul i mbun tairiscintí a lorg. Níl aon staidéar breise le déanamh ag an tráth seo chun an togra a bhrú chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.