Written answers
Wednesday, 16 December 2020
Department of Rural and Community Development
Foireann Roinne
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
378. To ask the Minister for Rural and Community Development sonrú a dhéanamh ar gach post atá sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaithe ina Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaithe ina Roinn. [44162/20]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bunaíodh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar an 19ú Mí Iúil, 2017, chun fócus athnuaite agus comhdhlúite a sholáthar ar fhorbairt tuaithe agus pobail in Éirinn.
Níl aon poist sa Roinn agus baint riachtanach ag an nGaeilge leis, áfach, aithníonn an Roinn an cúram chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tá roinnt daoine sa roinn agus is féidir leo déileáil le freagracht agus fiafraí trí Ghaeilge, de réir mar is gá.
Rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail suirbhé ar fhoireann na Roinne, chun líon na ndaoine atá inniúil seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Roinn a dhearbhú. Bunaithe ar an suirbhé, dearbhaíodh go bhfuil cúigear ball den fhoireann inniúil seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, is é sin 2.5% de bhaill foirne na Roinne (200 ina iomlán).
No comments