Written answers
Wednesday, 16 December 2020
Department of Education and Skills
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
178. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43876/20]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
180. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aici chun iad a réiteach. [43878/20]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táim chun ceist PQ 178 agus ceist PQ 180 a fhreagairt le chéile.
Tá mo Roinnse tiomanta a chinntiú go gcuireann sí an tseirbhís is fearr is féidir ar fáil don phobal i gcoitinne, sa dá theanga oifigiúil.
Bhí ceithre cinn de Scéimeanna teanga don Ghaeilge ag mo Roinnse ó 2005 i leith. Tá an ceathrú Scéim Teanga don Ghaeilge i bhfeidhm faoi láthair agus mairfidh sí idir 2020 agus 2023.
Dheimhnigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an Ceathrú Scéim. Cuireadh tús léi le héifeacht ón 1 Feabhra 2020 agus beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndéanfar scéim nua a dheimhniú – pé acu is déanaí – i gcomhréir le halt 14(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Féadfar teacht ar an scéim sin ar shuíomh gréasáin na Roinne:
Foráiltear leis an Acht go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí scéim teanga a ullmhú ina sonraítear na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil:
- trí mheán na Gaeilge,
- trí mheán an Bhéarla, agus
- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla
chomh maith leis na bearta atá le glacadh chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Maidir leis na seirbhísí atá á cur ar fáil ag mo Roinn do phobail na Gaeltachta, bunaíodh an tAonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais i 2017 chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Cuireann an tAonad um Oideachas Gaeltachta seirbhísí trí Ghaeilge, lena n-áirítear seisiúin comhairliúcháin ó chigirí an Aonaid, ar fáil do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna atá lonnaithe i limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus a bpobail. Is é sprioc uileghabhálach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022ná a dheimhniú go mbíonn fáil ar oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge i limistéir Ghaeltachta chun tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta. Tá an Roinn Oideachais tiomanta do na bearta atá sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Tá buiséad nach mór €6 mhilliún curtha ar fáil chun an costas a bhaineann le bearta an Pholasaí a chur i bhfeidhm i 2020, agus tá thart ar €14m ina iomlán curtha ar fáil ó cuireadh tús le cur i bhfeidhm an Pholasaí i 2017.
Tá gealltanais i gClár an Rialtais 2020 – 2025 Ár dTodhchaí Le Chéile maidir leis an Gaeilge sa chóras oideachais. Tá na gealltanais seo déanta i gcomhthéacs na hoibre ar chur i bhfeidhm Straitéis 20-Bliain an Rialtais don Ghaeilge. Chun cur leis an obair atá á dhéanamh ag mo Roinn-se maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta tá tús curtha le hobair phleanála do pholasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.
No comments