Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Defence

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

163. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [44167/20]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta do na seirbhísí a sholáthar a riarann sí trí Ghaeilge. Ar aon dul leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, shainaithin mo Roinn cuspóirí áirithe amhail bheith ábhartha maidir le seirbhísí a chur chun cinn trí Ghaeilge, cuspóir 2, ach go háirithe.

De réir Chuspóir 2 den Straitéis, cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán agus forbrófar an ceart atá ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid nuair a dhéileálann siad leis an Stát agus le comhlachtaí eile agus cuirfear na socruithe cuí i bhfeidhm chun seo a sholáthar.

Chomhlíon mo Roinn a cuid gealltanas ina leith seo maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá ceathrú Scéim Gaeilge na Roinne 2017-2020, i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2017. Leantar le gealltanais faoin scéim a sholáthar agus áirítear leo na gealltanais seo a leanas:

- Tá an t-ábhar statach ar láithreán gréasáin nua mo Roinne dátheangach agus cuirtear rogha ar fáil d’úsáideoirí teacht ar an láithreán gréasáin i nGaeilge nó i mBéarla.

- Tá grúpa cainteoirí Gaeilge i mo Roinn lena cheadú do chustaiméirí a ngó a dhéanamh tre¨ án na Gaeilge, más mian leo sin a dhéanamh.

- Nuair a eisíonn mo Roinn preaseisiúintí nua, cuireann sí nósanna imeachta i bhfeidhm lena chinntiú go gcomhlíonann sí an ceanglas go gcuirtear ar a laghad 20% díobh ar fáil trí Ghaeilge

- Tá feasacht ar an nGaeilge mar chuid den phróiseas ionduchtúcháin le haghaidh foireann nua i mo Roinn.

Tá Coiste Líonra na Gaeilge i mo Roinn freisin a thionólann cruinnithe i gcaitheamh na bliana.

Tá an chomharthaíocht ag foirgnimh mo Roinne dátheangach agus freagraítear glaonna gutháin a chuirtear ar an Roinn i nGaeilge. Freagraítear i nGaeilge do chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge.

De bhreis air sin, cuireann an Rannóg Foghlama agus Forbartha an Ghaeilge chun cinn go gníomhach trí fhreastal ar iarrataí a dhéantar ar chúrsaí Gaeilge ar leibhéil éagsúla scileanna agus trí imeachtaí éagsúla a chur ar siúl, cosúil le tráth na gceist, biongó agus maidineacha caife trí Ghaeilge.

In 2021, forbróidh mo Roinn Scéim Gaeilge nua (an cúigiú ceann) a chuirfidh leis na cleachtais agus na soláthairtí reatha.

Tuigim gur críochnaíodh an dara céim de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Dáil an 8 Deireadh Fómhair. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá tacaíocht an Rialtais faighte roinnt leasuithe a mholadh a láidróidh an Bille. Tá an Rialtas tiomanta an Bhille a bhrú ar aghaidh a luaithe agus is féidir. Beidh Céim an Choiste ag tosú ar an 20 Eanáir.

Ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe. Déanfar tuairisciú rialta ar an dul chun cinn trí tuairisc gach dara bliain ón Choiste Chomhairligh, a bheidh le cur chuig an Aire, an Coimisinéir Teanga agus le leagan os comhair na Tithe. Tabharfaidh sé seo leibhéal trédhearcacht d’obair an stáit chun soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.