Written answers
Wednesday, 16 December 2020
Department of An Taoiseach
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
25. To ask the Taoiseach na pleannana atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43858/20]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
26. To ask the Taoiseach sonrú a dhéanamh ar gach post sainaitheanta le riachtanas Gaeilge ina Roinn faoi láthair, líon na bhfostaí in a Roinn ag a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, agus líon iomlán na bhfostaí in a Roinn. [43859/20]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
27. To ask the Taoiseach na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinn a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Gaeltachta a shainiú, agus conas a bhfuil sé i gceist aige iad a réiteach. [43860/20]
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 25 to 27, inclusive, together.
Tá roinnt gealltanas tugtha i Scéim Teanga 2019-2022 mo Roinne chun a chinntiú go gcuirtear seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil sa Roinn lena n-áirítear sonraí i dtaobh dhá phost atá sannta ag an Roinn mar phoist ina bhfuil an Ghaeilge de dhíth.
Tá ceangail ag an dá phost seo le hOifig Phríobháideach an Taoisigh agus le Seirbhísí Eolais an Rialtais agus tá na poist sin á gcomhlíonadh ag foireann shannta a bhfuil an inniúlacht Ghaeilge atá de dhíth acu. Tugtar aitheantas leis seo go mbaineann go leor den éileamh i dtaobh seirbhísí le hiarrataí ón bpobal i gcoitinne agus ó na meáin.
Ina theannta sin, tá líon beag foirne ag mo Roinn lonnaithe i rannáin eile a bhfuil sé ar a gcumas seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, atá leordhóthanach chun an t-éileamh atá ann a shásamh, lena n-áirítear do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta.
Tá 224.05 ball foirne fostaithe i Roinne an Taoisigh ar bhonn coibhéise lánaimseartha i láthair na huaire.
No comments