Written answers

Wednesday, 16 December 2020

Department of Transport, Tourism and Sport

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

84. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [44166/20]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De réir phrionsabail na seirbhíse ardchaighdeáin do chustaiméirí, tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do sheirbhís den chaighdeán is airde a sholáthar dá custaiméirí go léir i ngach réimse den tír agus caitheamh go cothrom lena custaiméirí go léir. Tá nasc le Cairt Chustaiméirí 2020 - 2022 mo Roinne ar fáil anseo:

Mar is eol duit, tá tiomantais ag mo Roinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhfuil rún daingean aici a chomhlíonadh. Leagtar amach san Acht dualgais chomhlachtaí na hearnála poiblí maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad i nGaeilge agus cearta bhaill an phobail leas a bhaint as na seirbhísí seo. Déanann Aonad na Gaeilge i mo Roinn monatóireacht ar sholáthar agus éileamh ar sheirbhísí Gaeilge ar fud gach réimse den Roinn ar bhonn tréimhsiúil. Tuairiscíonn an tAonad ar dhul chun cinn don Bhord Bainistíochta gach 6 mhí maidir le comhlíonadh na Rannán le tiomantais Scéim Teanga mo Roinne agus maidir leis an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge.

Tá an Roinn tiomanta gach iarracht a dhéanamh freastal ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá nasc le Beartas Gaeilge na Roinne ar fáil anseo:

Ar bhonn níos leithne, tuigim go bhfuil reachtaíocht á thabhairt ag mo chomhghleacaí, an tAire TCAGSM tríd an Oireachtas, arb é a bpríomhchuspóir soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tSeirbhís Phoiblí a mhéadú. Tacaíonn an Rialtas le hachtú an reachtaíochta seo a luaithe is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.