Written answers
Wednesday, 16 December 2020
Department of Communications, Climate Action and Environment
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
56. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43866/20]
Eamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Leagann ár scéim Ghaeilge 2018-2021 amach ár n-uaillmhian maidir le soláthar seirbhísí agus eolais i nGaeilge. Tógann sí ar phrionsabail ár gCairte um Sheirbhís Ardchaighdeán do Chustaiméirí, agus cinntíonn sí go bhfreastalaítear ar dhaoine ar mhian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge. De réir théarmaí tagartha na Roinne, ní sholáthraimid seirbhísí dílse i gceantair Ghaeltachta ach leagann ár scéim Ghaeilge amach ár dtiomantais i leith iad siúd ar mhian leo a ngnó a dhéanamh linn i nGaeilge, ina n-áirítear na ceantair Ghaeltachta.
No comments