Written answers
Wednesday, 16 December 2020
Department of Communications, Climate Action and Environment
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
54. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cad iad na pleananna atá ag a Roinn chun seirbhísí faoina riar a chur ar fáil trí Ghaeilge, chun cur le líon na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge faoina riar, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, le linn 2021. [43864/20]
Eamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé gur Roinn pholasaí seachas seirbhíse go príomha í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, déanamaid tréaniarracht a chinntiu nach mbíonn cainteoirí Gaeilge faoi mhíbhuntáiste ag teacht ar eolas tábhachtach nó ag glacadh páirt i ndéanamh cinntí agus i gcomhairliúchán.
- Leagann ár scéim Ghaeilge 2018-2021 amach ár n-uaillmhian maidir le soláthar seirbhísí agus eolais i nGaeilge. Tógann sí ar phrionsabail ár gCairte um Sheirbhís Ardchaighdeán do Chustaiméirí, agus cinntíonn sí go bhfreastalaítear ar dhaoine ar mhian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge.
- Le déanaí, tá Oifigeach Gaeilge nua ceaptha againn, agus beidh scéim Ghaeilge nua á forbairt againn i 2022.
- Tacaíonn an Roinn le forbairt inniúlacht sa Ghaeilge trí thraenáil do bhaill foirne tríd an Roinn ar fad, agus eagraíonn sí grúpaí comhrá rialta dóibh siúd ar mhian leo a scileanna a fheabhsú.
- Tá an Ghaeilge curtha chun cinn againn trí ócáidí idir- agus tras-rannacha, agus leanfaimid leis seo i 2021 le hábhar agus gníomhaíochtaí, ina n-áirítear Seachtain na Gaeilge.
- Nuair a achtaítear Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), ullmhaítear Plean Náisiúnta chun soláthar seirbhís phoiblí trí Ghaeilge a mhéadu. Táthar ag siúl go mbeidh tionchar ag an gcur chuige nua seo ar ár ndualgais sainiúla I leith na Gaeilge sa todhchaí.
No comments