Written answers
Tuesday, 15 December 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
236. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh comórtas oscailte ann chun comhlacht dearaidh ghrafaigh a roghnú chun lógó nua Údarás na Gaeltachta a dhearadh; an roinnfear aon sonraí faoin bpróiseas roghnúcháin sin; cén comhlacht dearaidh ghrafaigh a roghnaíodh agus cén praghas atá ar an gceann a roghnaíodh; agus cad é an costas iomlán a bhaineann leis an lógó a athrú. [43028/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé deimhnithe ag an Údarás gur fostaíodh comhlacht darb ainmNew Graphicchun a lógó nua a dhearadh. Tuigtear don Roinn nár reáchtáladh comórtas oscailte sa chás seo de bharr an costas a bheith faoin tairseach costais mar a bhaineann sé le rialacháin soláthair poiblí.
Tá sé deimhnithe freisin ag an Údarás gur bhain costas iomlán €3,800 móide cáin bhreisluacha leis an dearadh agus go raibh aithne fhorleathan ar obair an Údaráis ag an gcomhlacht a roghnaíodh de bharr gur bhuaigh siad tairiscint mar chuid de chomórtas oscailte ar etenders.ie chun suíomh idirlíon nua a tháirgeadh don Údarás, obair a cuireadh i gcrích i mbliana chomh maith.
No comments