Written answers
Tuesday, 8 December 2020
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údaráis Áitiúla
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
246. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an roinnfidh sí an téacs iomlán den aighneacht a chuir a Roinn chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mí Lúnasa na bliana seo maidir le hathbhreithniú a bhí á dhéanamh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tráth sin ar na Treoirlínte d'Údaráis Phleanála, mar atá luaite aici i bhfreagra ar mo cheist pharlaiminteach uimhir 138 ar an 19 Samhain 2020; agus cén fáth nach bhfuil an aighneacht sin foilsithe go fóill. [41685/20]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar chuid d'athbhreithniú atá ar siúl ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na treoirlínte pleanála, thapaigh mo Roinn an deis cáipéis faoin ábhar a chur faoi bhráid na Roinne sin i mí Lúnasa.
Ós rud é go bhfuil an obair sin ar fad i ndáil leis an athbhreithniú ar bun i gcónaí ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí an cháipéis thuasluaite a roinnt le haon tríú pháirtí ag an tráth seo.
No comments